Lúnasa 2005     Iris na Gaeilge          uimh 9

Table of contents

 

Slán le Seoirse (Ó Broin)

le Máire Ní Chuinn

A Sheoirse, a chroí
Nach deifreach ataoi,
Ag imeacht gan slán a fhágáil.
Thóg tú an lampa uainn,
D'imigh go calma ciúin.
Agus sinne gan solas ag spágáil.

A Sheoirse, do bhís
Arís is arís
Ar oilithreacht, aistear, nó chruinniú.
Bhí tú mar thaca dúinn,
Aigne nach nglacfadh suan.
An intleacht nár chaill a chuid fuinnimh.

Ó táimid ag súil
Go mbeimid ag siúl
Id' chuideachta 'rís lá éigin.
Thuas ins an Chathair Bhán,
Thuas 'measc na réaltan rán.
Agus sinne faoi dheire, gan géibhinn.

A Sheoirse, céad slán.
Glac scíth, a chroí bháin
Bain sult as do shaol sa Phárrthas.
Tú ann go sona séan,
Saor ó gach uile phéin.
Agus Gaeilge le clos ins an áras.

Sea, táimid ag guí
Go raibh tú ar do shlí
Gach sonas a thugas an Domhnach
Oth linn an cailleadh mór
Tú i do luí faoin bhfeor.
Ach do glór inár gcluasa i gcónaí.