Lúnasa 2005     Iris na Gaeilge          uimh 9

Table of contents

Seachtain na Cásca, 1916

An ciúineas marfach le mothú 'n gach treo
'S corr-piléar dá scaoileadh anuas tríd an ceo
Scaifte ag cruinniú go folaitheach rúnda-
Oglaigh go saothrach ag soláthar a gcúnta,
An namhaid ag druidiúint i gcomhar le faobhar
Ár agus eirleach á n-agairt ar na daoir.
Búireach 'gus gártha na laochra 's na sló-
Buíon calma na bFiann n-áigh 'na gcosair chró-
Drong díscire nár umhlaigh le fóirneart
Go bhfaighe Náisiún a saoirse is a ceart
'Sé cuspóir a dhlúthaigh na sluaite sin uile
An namhaid a chriogadh gus an Home Rule Bille
A fhógairt le caithréim go buach san tír
'Gus réim an neamh-spleáchas 'chur in iúl don daor.
Do bheannaigh ár dTiarna nua-éirithe ón uaigh
A bpáiseanna géara 's a n-iobairtí cruaidh,
Gur thoiligh Sé gluaiseacht d'fhurthachta dúinn
'S gur frítheadh an Saoirse 's an fhuascailt go buan.
Dos na laochra úd calma ár mbuíochas go deo
'S a Rí na bhfeart maith, bíodh trua Agat leo.

Éilis O.P. Ní Radhallaigh, 5/7/1958