Lúnasa 2005     Iris na Gaeilge          uimh 9

Table of contents

Máire Ní Chuinn

Hiarraidh orm a mhíniú conas a thosaigh mé ag scríobh fílíochta sa chéad uair. Is fada an scéal sin, dáiríre. Bhí sé d'adh orm gur bhain mé le teaghlach go raibh léann orthu, agus iad dátheangach comh maith. Mar a deirtear, ''Tosach maith leath na hoibre''

Fiú mo sheanmháthair, bhíodh sé de nós aici a rá go dtáinic sí ón scríb tíre as a dtáinic Oliver Goldsmith, fadó, fadó. Bhínn im shuí ag cuidiú léithí an craiceann a bhaint de na fataí agus na cairéid a scríobadh, agus bhíodh sise ag cur díthe i rith an ama, ag cur amach sléachtaí as saothairan fhile sin. D'aithin mé an rithim agus an mothúchán ins na bhéarsaí agus cuireadh ealaíon na ndánta in aithne dom.

D'fhoghlaim mé féin Machnaimh an Duine Doilgheasaí de ghlan mheabhair agus bhain mé an- taitneamh as ar fad. Deirtear go bhfuil sé bunaíthe ar Gray's Elegy, ach shíl mise go raibh sé giota maith níos deise ná an Elegy.

Nuair a bhí mé ar an meánscoil, Clochar Naoimh Lughaidh, Coillte Mach, Contae Mhaigh Eo, bhí mé sásta bheith ag obair tré Ghaeilge, de gnáth. San am sin, na triochaidí, bhí nuachtlitir á cur amach againn, ''Spideog Mhuire''. Bhí an tSiúir Maol Íosa, go ndéana Dia trócaire uirthi, freagrach as an obair seo, agus d'fhiafraigh sí díom an gcuirfinn cúpla bhéarsa, nó alt éigin chuicí le cur san ''Spideog Mhuire''.

Mar sin, chuaigh mé i gcionn oibre, agus bhí sí go breá sásta liom an chuid ba mhó den am. Uair amháin, chuir mé scéal truachanta chuicí, agus dúirt si gur chuir sé scannradh a croí uirthi, agus níor mhaith léithi é, ar chor ar bith. Ach ní raibh sí searbhasach, bhí sí ag gairí faoi'n ócáid.

Bhí an Craoibhinn Aoibhinn (Dr Douglas Hyde, Gaelic League founder, 1893) ina bheo an t-am sin, agus chónaí air achar beag uainn, Co. Ros Comáin sílim. Bhí cairdeas idir é féin agus an tSiúir Maol Íosa agus chuireadh sí cóipeanna den nuachtlitir chuige le go ndéanfadh sé léirmheas uirthi. Fear uasal, soineanta, cineálta a bhí ann, agus féith an ghrinn ann chomh maith. Chuir an bheirt seo, Dubhglas de hÍde agus an tSiúir, féinmhuininn ionam. Mholadar mé, cé go mbainfeadh séisean agus sise gáire beag as mo chuid oibre amannta. Is iontach go deo an t-ádh a bhí orm, bheith do mo mhúnlú ag an bheirt mar sin, daoine níos deise ná iad níorbh féidir a fháil. Tugadh duais dom anois agus arís, is bhínn gliondarach as sin, ar ndóigh. Cuireadh dán nó dhó de mo chuidse faoi chló insa pháipéar Inniu a bhí ar siúl san tráth sin.

Tá tagairt do Chlochar Naomh Lughaidh le fáil sa leabhar a scríobh Dame Judy Coyne nach maireann. An teideal atá air Providence my Guide. Bhí sí báúil leis na múintroirí sa mheánscoil Choillte Mach, áit ar chuir an Providence céanna mé féin agus mé óg. Tá leabhar Judy le ceannacht ón siopa leabhar atá ag scrín Chnoc Mhuire.