Lúnasa 2005     Iris na Gaeilge          uimh 9

Table of contents

An Guth

Do mo chara Seoirse Ó Broin, nach maireann
le-Stiofán Ó Direáin

Chuala me do ghuth ar shráideanna Bhéal Feirste
Ag maisiú do theanga
Le seoda na Gaeilge.

Chuala mé do ghuth i ngearáin na gcinsirí
Ag breacadh dúch dubh ar do litreacha abhaile
Cogadh Domhanda, cogadh na Gaeilge.

Chuala mé do ghuth i dTóin an Bhaile
Ag glacadh fáinne
Ó Dhónall Mac Grianna.

Chuala mé do ghuth i Hyde Park Londan
Ag craoladh ár n-oidhreachta
D'iarBhriotanaigh bhodharchloíte.

Chuala mé do ghuth ar thuras Cholm Cille
Ag paidreoireacht ar son na cúise
Os comhair na croise.

Chuala mé do ghuth, mo ghiolla mear
Ag béal d'uaighe
I bhfad ó bhaile.

Chuala mé do ghuth i mbéal crotaigh
Ag anameitilt abhaile
Os cionn Loch Laoi.

Cluinim do ghuth i nglór na nGael.