Lúnasa 2005     Iris na Gaeilge          uimh 9

Table of contents

Glór Bhréifne, Glór na nGael, Co. an Chabháin

Preaseisiúnt

Fógraíodh Dé hAoine 21 Márta go bhfuil duais náisiúnta 2004 de chuid Ghlór na nGael buaite ag Glór Bhréifne as Co. an Chabháin. Is grúpa cultúrtha, neamhphoilitiúil é Glór Bhréifne, atá gníomhach i bhforbairt na Gaeilge i gCo. an Chabháin. Seo é an dara bliain as a chéile a bhfuil duais náisiúnta de chuid Ghlór na nGael buaite acu. Eagraíonn Glór na nGael an comórtas náisiúnta, bliantiúil seo, áit a bhfuil breis agus céad coiste ar fud na tíre gníomhnach i bhforbairt na Gaeilge go háitiúil

D'eagraigh Glór Bhréifne roinnt mhaith cursaí Gaeilge, ciorcal comhrá agus raon leathan d'imeachtaí cultúrtha agus soisialta Gaeilge i gCo. an Chabháin le bliain anuas. Tá ag eirigh leo pobal na Gaeilge i gCo.an Chabháin a thabhairt le chéile. Tá nasc láidir cruthaithe acu le pobal na Gaeilge i gCo. Fhear Manach agus sna contaetha máguaird eile sa dúiche. Bronnfar an duais seo ar Ghlór Bhréifne 5ú Márta i bPáirc an Chrócaigh, Baile Atha Cliath

Pádraig O Cuinneagáin.