Lúnasa 2005     Iris na Gaeilge          uimh 9

Table of contents

Más é an Ceol Bia an Ghrá, tá sin ag teastail uaim
le Deidre M. Weir

Nuair a bhí mé óg chuaigh mé i gcraidreamh leis an gceol. Níor thuig na mná ríalta ar scoil go raibh guth amhránaíochta agam agus níor aithnigh mise raimh gur amhránaí a bhí ionam féin. Nuair a chloisim an ceol cuireann sé gliondar ar mó chroí. Ní raibh mé ach trí bliana d'aois nuair d'fhoghlaim mé an chéad véarsa den amhrán, 'The Wild Colonial Boy' i mBaile Átha Cliath. An Nollaig sin sheinn mé an t-amhrán céanna in Ostán Sheilborne agus bhain mé an céad duais amach.

Sa mbliain acadúil ba é an ceol an t-ábhar ba mhó ar an gclár oibre. Bhí ceachtanna ceoíl gach seachtaine. Bhí seans ag gach aon rang sa mheánscoil an t-Aifreann Laidine a chasadh. Chuaigh muid i gcomórtas le daltaí eile ó na scoileanna eile sa gComórtas Ardfheis gach bliain. Bhí bród ar na múinteoirí scoile linn faoin chaighdeán ard a bhí againn.

D'fhág mé Baile Átha Cliath i 1967. Bhí saol nua romham agus deiseanna nua mar a b'áil liom. Bhí mé ag saothrú airgid, bhí mé pósta agus bhí triúr páistí agam. Nuair a chuaigh mé i dteagmháil le Ceol Clasaiceach chuir sé lúcháir agus sonas orm.

Sa mbliain 1990 chonaic mise agus m'iníon fógra faoin gceolchoirm 'Instant Messiah san Eaglais Astor, Covent Garden. Chuir mé glaoch ar an stiúrthóir ceoil. Chuir sé ceist orm: ''Cén saghas gutha atá agat''. Duirt mé "Tá fonn orm a bheith páirteach sa chormcheoil". Ansin duirt sé "Oh, caithfidh tú amhrán a chasadh linn''. Thosaigh mé ag gáire agus d'fhreagair mé: "Ceart go leor. Is soprán mise agus m'iníon freisin. Feicimid thú ag an gcleachtadh amárach ar a leath i ndhiadh a dó. Slán go fóill''. Bhí an cleachtadh nua go hiontach. D'oscail sé domhan nua dom.

Cúpla seachtain i ndiadh sin bhí fógra eile ar bhalla an ospidéil. Bhí sé ag iarraidh ar dhaoine dul chun cleachtadh leis an chóir Dé hAoine. Scriobh mé litir chuig an stiúrthóir ceoil agus chuir sé cuireadh orainn teacht. Bhí an cleachtadh sin go hálainn. Ba shin é tús mo thurais cheoil.

Thosaigh Barts Academic Festival Chorus agus Orchestra (BAFCO) thart fá Nollaig 1971 nuair a rinne siad cuid a h-aon de Messiah, Handel i Christ Church, Woburn Square, Londain. Bhí cóir ceithre ghuth déag agus ceolfhoireann bheag. I ndiadh sin chuaigh an obair ar fheabhas le píosaí ó Vivaldi, Pergolese, Mozart, Puccini, Poulanc agus go leor cumadóirí eile. Rinne siad cúig cheolchoirm i halla mór Oispidéil Naomh Bartholomew gach bliain le cuidiú le ceolchumann deonach. D'éirigh thar barr leis

"Nuair nach raibh siad sa halla mór bhí siad ag cur ceolcoirmeacha ar siúl sa Guildhall, Royal Festival Hallagus áiteanna eile ar nós: Barbican ( The Creation, Haydn), Coláiste Ríoga na Máinlianna (The Creation), The Palace of Westminster (Messiah, Handel), St.Paul's Cathedral agus St. Clement Dane's, Fleet Street - Carúl na Nollag. I rith na bliana 1986 gnóthaigh siad stádas mar chumann charthanachta.

" 1983 thosaigh siad ag taistil. An céad stad an Róimh. Rinne siad Requiem Mozartós comhair an Phápa, Seán Phóol II, agus thug sé cuireadh do 30,000 duine agus céad Cardinéil chun éisteacht leo. Bhain siad a lán taithnimh as sin. Bhí éisteacht phríomháideach ag an bPápa, Seán Phóil, nuair a rinne siad Coronation Anthems le Handel, agus san Aula Magna de Palazza Cancelleria, Imperial March le Elgar.

" 1986 go Lyon, Geneva agus Gstaad. I 1988 chuaigh siad go hEilat le Bruckner's Mass in E agus an Gloria le Vivaldi. I 1989 Istanbul, agus i 1990 chuaigh siad go Normandy, Chartres agus Páras. Chuaigh siad arís go dtí na háiteanna sin i 1990.
"
Thosaigh mé ag taistil leis an chóir i 1994 nuair a bhí 80 duine ag dul go Prague i bPoblacht na Séice leis an bhuíon cheoil agus leis an chór. Is ann a rugadh Smetana, Dvorák agus Janecek. Thugamar cuairt ar Ardeaglais Naomh Vitus, áit a bhfuil tuama Wenceslas, agus Caisleán Melrick. D'fhéachamar síos ar na haibhneacha Vlatava agus Elba agus shiúlamar trasna an droichid Charles. Rinneamar Ceolchoirm …Rutter Requiem…i Maimistir Emouzy. Bhí an áit sin iontach fuar! Ceolchoirm eile a rinneamar ná an Nelson Mass san eaglais N. Iesulus, agus arís, san eaglais Mhaighdean na mBua. Is san áit seo…Maighdean na mBua….a bhfuil an dealbh, ón séú céad déag, de Pháiste Phrague (Child of Prague). Rinne teicneoir taifeadadh galánta de cheolchoirm amháin i Halla Martinu

1997-Crete.

Bhí an aimsir iontach te, na foirgnimh iontach bán agus an fharraige gorm. Bhíomar ábalta cleachtadh taobh amuigh gach maidin roimh éirí na gréine. Ar feadh na gcuairteanna seo, chuig áiteanna imigéniula, coimhthíocha, cleachtamar ar feadh na n-uaireanta. Lá amháin dúirt fear linn: 'Nuair a dhúisigh mé an chéad mhaidin anseo, shamhlaigh mé go raibh mé ar Neamh, agus ag eisteacht le gutheanna na n-aingeal'. Bhí fáil againn siúl trid an Samaria Gorge. Bhí sé deacair, ach bhí an radharc go hiontach. Chuireamar ceolchorim i láthair ag Rethimon agus Heraklion. Bhí siad rathúil.

Fuaireamar cuireadh agus urraíocht teacht go Lebanon. Chuireamar trí cheol-choirmeacha de Requiem Verdi ar siúl i mBeirut, i mBatroum agus i dTyre. Eachtra amháin a tharla i rith léirithe amháin: múchadh na soilse agus briseadh na dóirse isteach. Leanamar ag ceol. Ní
raibh le feiceáil ach saighdiúirí le gunnaí ag an doras. Bhí sos ann; dunadh na doirse. Casadh ar na soilse arís. Níor caochadh súil.

Bhí am go leor againn cuairt a thabhairt ar na forthraigh fothracha de Theampall de Baalbec.
Nuair a thángamar ar ais go Londain, chuireamar cheolchoirm as siúl sa Halla Mór, Féile Bhelchazzer le Walton. Sin píosa a thaithníonn go mór liom. Deir an stiúrthóir ceol, "Smaoiním go rachaidh an píosa seo i bhfad ar aghaidh''. Cén fath?. Níl a fhios agam.