Lúnasa 2005     Iris na Gaeilge          uimh 9

Table of contents

BRÍ BRÚ na BÓINNE Newgrange
- Temple to Life.
By Chris O'Callaghan

Naoi mbliana tar éis bhriseadh na Bóinne -sa bhliain 1699- sea thánghas trí thimpiste ar Bhrú na Bóine an chéad uair. Díorma oibríthe a bhí ag obair sa timpeallacht, thánadar ar an gcarraig mhaisithe ag an oscailt. Bhí de thuiscint is de chiall acu dul agus a bhfuaireadar a rá le pé fostaithoir a bhí acu. Tugadh cuireadh don scoláire ón mBreatain Bheag, Edward Lhwyd, teacht agus an tulach a iniúchadh.

Ar a ghlúine a ghaibh sé trid an bpasáiste cáiliúil a ghaibheann go dtí an seomra cúil, go sroicheann gatha na gréine é ar bhreacadh méid áirithe laethanna i gcóngar ghríanstad an

Gheimhridh, ar feadh seacht neomat déag díreach. B'in é an chéad eolaí a thagair don dtulach ó thaobh na hadhlachta de.

Ríamh ó shin, áiritear gur tuama pasáiste atá sa chonstruáil mhíorúilteach cois Bóinne. Sé bunaidhm an tsaothair seo an tuairim sin a bhréagnú i.e. gur teampall togtha chun na beatha atá i mBrú na Bóinne seachas tuama do na mairbh.

Deir O'Callaghan ná bhfuil aon fhainaise laidir ann gur cuireadh éinne riamh san áit. Níl aon fhainaise ann gur úsáideadh é mar chréamatóir ach oiread. Is mó d'iarsmaí ainmhithe fiáine a fuaireadh, roinnt bheag cnámha daonna ina measc. Tuairimíonn an t-uadar, i bfad i ndhiadh na tréimhse ina raibh an tulach in úsáid, 5000 bliain ó shin, go raibh ainmhithe in ann dul isteach tríd an oscailt agus gur úsáideadar Brú na Bóinne mar phluais. Ospairt seilge níos déanaí mar sin fé ndear na cnámha san a bheith ann


Is dócha go gcuireann an t-ainm 'Brú na Bóinne' féin daoine amú. Leis an bhfocal 'brú' samhlaímid bruíon (Bruíonn Chaorthainn, mar shampla, sa bhFiannaíocht) agus a bheith ag bruíon. Níorbh aon dream bruíne, deir sé, muintir Ghleann na Bóinne. A mhalairt - treibh shíochánta shibhialta a raibh na 'Four I's' acu: (Imagination, Intelligence, Initiative, Innovation). Ní réitíonn sé le híomhá Hollywood de dhaoine ag an am, a léiríodh iad mar ápa-dhaoine, ag cnead agus ag gnúsachtach ar nós na ainmhíthe atá mar chéad mhír sa chomhfhocal san. Scríobhann sé:

''Certainly the Boyne Valley People would have scorned and derided this assumption as pure fantasy. Indeed, it could be argued that the main difference betwen the Boyne Valley People and our arrogant selves are twofold: our wondrous pollution, in politics, religion, and the hills of refuse plus the sophisticated techniques we have developed over the last century to remove our allegedly advanced civilisation from this long-suffering planet''.

Cuireann sé leis an téis go bhféadfadh ceangal a dhéanamh idir na háitribh cois Bóinne agus cultúr an Mheán-Oirthír nó an Neas-Oirthír, ag tráth nach raibh urlabhra an chine dhaonna deighilte ag Báibil. Bíodh gur chultúir chogúil iad san, bhí breis meabhrach ag lucht na Bóinne, óir thuigeadar an té a cloíonn leis an gclaíomh go dtitfidh sé leis an gclaíomh, mar a déarfá.

An bosca trina ngabhann léasacha na gréine, comhairlíonn O'Callaghan gur cheart do shaineolaithe tús áite a thabhairt dósan ina gcuid anailíse seachas an róbhéim ar ghné na hadhlactha. Is é Bosca na Gréine bun agus barr an tionscadail tógala seo, dar leis. An tseaneagla nach gcuirfeadh an ghrían a ceann thar íor na spéire go brách arís a spreag na saoir agus na hinnealtóirí. Ach cé go raibh truicear nó catailís mhór éigin a spreag an mhuintir eisceachtúil seo chun onóir na gréine - sula thugann beatha don chruinne, gurbh i bun agus barr gach a bhfásann mar gheall uirthi.

D'fhéadfadh gur crith tecteonach ba bhun leis an aithrí ar an mbóthar go Damascus (nó cith astaróideach a ruinne an ghrían a dalladh) - an cith céanna ba bhun leis an nDile sa Mheaspatáin i dtráth an ama sin, agus an ceann i Meiriceá Láir comh maith léi.

Saothar dea-scríte, meallacach é seo. Cuireann na léaráidí agus na grianghraif dhaite go mór leis.


FOINSE