Lúnasa 2005     Iris na Gaeilge          uimh 9

Table of contents

Tá Gaeilge na hAlban Beo san Albain Nua

le Bob Proctor

Is é Suas leis a' Ghaidhlig leagan cainte a chloistear go minic i gCeap Breatunn, oileán coillteach álainn suite i dtuaisceart na hAlban Nua i gCeanada.

Tar éis an théip den éirí amach Seacaibinigh i 1745-46, thosaigh na hAlbanaigh Tuaisceartach a máthairthír a fhágáil agus go Meiriceá Thuaidh a dhul. Idir 1770 agus 1860, chuaigh na deicheanna míle acu go dtí Albain Nua agus go háirithe go dtí Ceap Breatunn. Thainig formhór na n-inimirceach ó na h-Eileanan an Iar agus go hairithe Eilean Leodhais agus Uibhist a Tuath agus ó Ardgour ar an mhórthír.

B'iad na dúchasaigh ag an am sin na Mi'kmaq agus bhí siad in a gcónaí i wigwams rinneadh as rúsc beithe gheal. Chuidigh siad le na hAlbainigh a chur fút sa tír.

D'aistrigh na hAlbanaigh go rathúil a dteanga féin, an Ghaidhlig nó Gaeilge na hAlban, go dtí a dtír úr. Thug siad a gcultúr agus a dtraidisiúin leo agus chuir siad ar bun fíor-Ghaeltacht ann. Choinnigh siad beo a gcuid den amhránaíocht, ceoil, píobaireacht, rincí céimeanna agus seanchas.

Maidir leis an fhidléireacht agus an rincí, choiméad siad ar an sean-nós agus máireann na stíleanna seo go fóill i gCeap Breatunn atá caillte in Alban. Is amhlaidh go dtéann na ceoltóirí ar ais go hAlbain na stíleanna seo a athbheoigh ann.

B'fhéidir go bhfuil Ceap Breatunn clúiteach is mó de thairbhre an fhidléireacht. Tá an stíl idirdhealaithe ón ceol in Albain agus in Éirinn. Ina theannta sin, bíonn na fidléirí tionlactha le duine ar an bpiano i gcónaí.

Bíonn féile mhór cheoil agus cultúr ar siúl i mí Deireadh Fómhair gach bliain ar a thugtar an Celtic Colours Festival . Bhí mise agus mo bhean chéile ann anuraidh agus thaitin an fhéile go mór linn. Tagann fonnadóirí, amhránaí, rinceóirí agus seanchaithe ón Albain, Éirinn, an Bhreatain Bheag, Talamh an Éisc, áiteanna eile I gCeanada agus na S.A.M. agus go leor tíortha eile. I rith an seachtaine tá ceolchoirmeacha, workshops, taispeáinta ceardaíochta agus ealíon agus ranganna Gaeilge na hAlban do pháistí agus do daoine fásta. Gach aon óiche, léirionn ceann de na tríocha bailecheantar atá san oileán eachtra éigin.

Bhí beirt amhránaí baineanna, Rona Lightfoot agus Christine Primrose, as an Eilean Leodhais in Alban ag an féile agus bhí siad ag casadh amhráin as Gaeilge ag na ceolchoirmeacha. Léirigh siad workshop dar teideal Nós nan Leodhasach nó The Lewis Song Tradition i sraidbhaile Iona. Bhí sé an-simiúil agus mhúin siad cúpla waulking songs dúinn. B'iad cinéal amhráin oibreacha agus bhain na daoine i Leodhais agus na h-Eileanan an Iar eile úsáid den amhráin seo nuair a bhí said ag obair ag ramhrú breidiní. Léigh mé uair amháin gur rinne siad an rud céanna in Árainn nuair a bhí siad ag ramhrú an báinín. Duirt siad dúinn go d'fhéadadh siad na Breatunnaigh a thuiscint gan stró ar chor ar bith. Tá blas acu go díreach mar atá sé i Leodhais faoi lathair.

Ar an drochuair, níl ach 500 daoine atá ag úsáid an Ghaeilge laethiúil i gCeap Breatunn faoi lathair ach, mar sin féin, tá athbheocháin de suim sa teanga ann mar atá ag tarlú in Éirinn agus i Sasana. Tá daoine mar Goirid mac Alasdair Dhúgaill agus Eósag Bean Mhic an t-Saoir ar a ndícheall ar an Ghaidhlig a choiméad. Bail ó Dhia ar an obair sin!