Iris na Gaeilge    Eanáir 2005         uimh 8

Seoirse Ó Broin 14/2/1921-1/1/2005

le Stiofáin Ó Direáin

Seoirse Ó BroinFuair duine de na daoine ba dhílse don Ghaeilge bás ar Lá Coille 2005. Mar ba ghnách d'fhreastail sé féin agus a bhean chéile Maureen ar Aifreann i Londain. Nuair a tháinig sé ar ais ón altóir tháinig taom croí air. Tugadh an ola dhéanach dó san eaglais agus cé gur tháinig an otharcharr go gasta ní raibh leigheas ar bith ar an scéal, grásta ó Dhia ar a anam.

 

Mar a dúirt sé 'Is Béalfeirsteach mé, buíochas le Dia; mar sin tá dhá shúil agam -- agus dhá chois thútacha chomh maith. Fosclaíonn sin fuinneoga agus druideann sé doirse romham'. Ach aisteach go leor, rugadh a athair i Devonport Shasana agus rugadh a mháthair i Malta. Casadh an bheirt acu ar a chéile i mBéal Feirste agus pósadh i nGarrán na bhFearnóg iad. Bhí a chuid aithreacha móra in arm Shasana agus chaith siad tamall san India.

Ba shóisialach agus cheoltóir é a athair agus d'oibrigh sé i muileann plúir i Sráid Duibhis agus bhí muinín an domhain aige as Wee Joe Devlin. Cé nár phoblachtach é bhí a athair báúil leis na réabhlóidithe agus aisteach go leor bhí sé ar saoire i mBaile Átha Cliath ar Luan na Cásca 1916. Rinne sé féin agus Cathal Byrne a mbealach amach as an chathair ar an traein go Béal Feirste.

Tógadh Seoirse i Sráid Walmer i gceantar Ormeau ag an tráth crua sin den tsaol nach raibh ach dífhostaíocht le fáil i mBéal Feirste. Fuair Seoirse a chuid oideachais i Scoil Rosario i Sráid Sunnyside agus i Scoil na mBráithre. Is ansin a fuair sé a chuid Gaeilge. Bhí suim an-mhór ag a athair sa Ghaeilge mar d'fhreastail sé ar léachtaí ar an tsean-Ghaeilge a thug an tOllamh Ó Briain do na mic léinn ar Ollscoil na Banríona. Bhí an Bráthair de Nógla ag teagasc Gaeilge i Meánscoil Mhuire i Sráid na Beairice. B'eisean a réitigh an leagan Ultach den Bhun-Ghraiméar Gaeilge a d'fhoilsigh na mBráithre Críostaí.

Thug na Bráithre comhairle do Sheoirse dul faoi scrúdú Státseirbhís na Breataine. Mar thoradh ar an scrúdú sin fuair sé áit i Londain i 1937 ag obair i mBanc Taisce an Phoist, an áit chéanna ar oibrigh Mícheál Ó Coileáin ann fiche bliain roimhe sin. Glas-stócach cúthail in aois a sé déag a bhí ann agus bhíodh sé an-uaigneach ar dtús. Chuaigh sé a chónaí lena aintín ag Enfield Lock in oirthear Londan. Ansin fuair sé lóistín i gceantar Shepherd's Bush agus níos déanaí i mBrú an Chumainn Chaitlicigh i gceantar Westminster.
Ní raibh sé i bhfad sa Bhrú go dtí go bhfuair sé amach go raibh Cumann Gaelach i gceantar Hammersmith a bhíodh ag reáchtáil ranganna Gaeilge. Ag Brook Green, in aice le Hammersmith Broadway, an áit a raibh halla damhsa (an Garryowen) ina mbíodh na céilithe ar siúl. Mar a d'inis sé dom ba pheaca mór é a bheith ag déanamh aithris ar na Sasanaigh. Ba shin tráth nach raibh fáilte rómhór roimh na hÉireannaigh - fógraí sna siopaí nuachtáin ag tairiscint lóistín ach cosc ar Éireannaigh, madaidh srl.

Bhí feachtas poblachtach ar siúl i Londain ag an am sin agus chuir sin blas géar ar an saol. Nuair a cuireadh pléascán faoi Dhroichead Hammersmith tháinig halla an chumainn ghaelaigh faoi amhras. Díbríodh cuid de na baill ar ais go hÉirinn. Is beag nár cuireadh sé féin ar ais cé nach raibh baint aige le gluaiseacht phoblachtach ar bith.

Sa bhliain 1940 thosaigh na haer-ruathair ar Londain agus ba chrua an saol a bhí aige, go háirithe san oíche. I mí Mheán an Fhómhair 1941 glacadh isteach san aerfhórsa é. Oileadh é i Morecambe, Lancashire agus i Topcliffe, Yorkshire ag obair ar "Chónraí Eitilte". Ach nach ait an saol é, mar cuireadh chuig Béal Feirste é ansin le cúrsa raidió a dhéanamh sa Cheardscoil ann. Tar éis tamaill, seoladh go Londain é agus ansin go dtí an India ar bord loinge (an Britannic ab ainm di) i mí na Nollag 1942. Scríobh sé "Éire go Brách" ar an seaicéad s'aige.

Tháinig siad i dtír i Bombay. Chaith sé tamall i Bangalore agus leis an Arm i Vanjambadi. Is i nGaeilge a scríobhadh sé an chorrlitir a chuireadh sé chuig cairde dá chuid agus chuireadh sin fearg ar an chinsire áitiúil, mar bhíodh air litir den chineál sin a chur go Bombay le iad a aistriú. Chonaic sé a lán iontas ann ina measc an Taj Mahal. Chomh maith leis sin chaith sé tamall i Quetta, Lahore, Madras agus Delhi. Thug na hIndiaigh 'Burra Padaí' (is é sin 'Pádaí Mór') air. Chuir a mháthair an iris "Ár mBuachaillí" chuige go rialta!
Bhuail sé le beirt oifigeach Éireannach a bhí ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim. Bhí brat na dtrí ndath agus léarscáil na hÉireann ar an bhalla acu. Thug sé ceacht agus leabhar Gaeilge dóibh.

D'fhág sé Bombay ar a bhealach abhaile ar an 14ú Aibreán 1946. Chuaigh an bád, an Otranto, tríd an Mhuir Dhearg, Canáil Suez agus an Mheánmhuir. Ní raibh sé i bhfad go raibh sé ar ais i mBéal Feirste. Chaith sé saoire i nGaeltacht Thír Chonaill an samhradh sin.

Nuair a chuir sé faoi i Londain arís phós sé Maureen arbh as Lionán ó dhúchas di agus bhí seisear clainne acu. Ar ndóigh, lean sé ar aghaidh leis an Ghaeilge agus le leathbhádóirí eile dá chuid mar shampla, Séamus Ó Cionnfhaolaidh, Siobhán Uí Néill, Máire Ní Chuinn, Dónall Ó Ceilleachair, Seán Ó Donnabháin agus daoine eile nach iad, chuir siad grúpaí comhrá agus ranganna Gaeilge ar bun thart fá Londain. Bhí sé ina bhall agus ina Uachtarán de Chonradh na Gaeilge i Londain le fada an lá. Chuir sé go mór le himeachtaí Gaeilge na cathrach as siocair gur chreid sé go raibh cultúr is teanga fite fuaite le chéile. Mheall sé aisteoirí chuig Londain agus d'eagraigh sé drámaí Gaeilge. Duine cráifeach, cliste, greannmhar, leathanaigeanta a bhí ann agus thug sé léachtaí Gaeilge ag Hyde Park Corner. Lena dhlúthchara Pádraig Ó Conchúir, nach maireann, chuir sé ailt i nGaeilge i gcló go rialta. Lena linn thug sé tacaíocht don Ghaeilge, mar shampla, bhí sé i measc na ndaoine chun tosaigh a d'fhreastail ar chúrsaí Oideas Gael agus a thug tacaíocht don nuachtán Lá agus do na Scoileanna lán-Ghaeilge i dTuaisceart na hÉireann. Ba ghnách leis ag freastal ar an Oireachtas go rialta agus ar Fhéile Bhéal Feirste. Ar na mallaibh, chuidigh sé go mór le Coláiste na nGael sa Bhreatain. Cronóidh muid go deo é!

Ar dheis Dé go raibh a anam