Iris na Gaeilge    Eanáir 2005         uimh 8

Mná na hÉireann - cúis náire?

Deir Bertie Ahern agus Enda Kenny ó am go ham gur mhaith leo céatadán na mban i measc a lucht leanúna tofa a mhéadú. Ach léirigh náiriú an dá pháirtí i Strasbourg an tseachtain seo nach bhfuil an chaint á cur i gniomh .

Shrocraigh Comhairle na hEorpa i Meán Fómhair 2003 go mbeadh bean amháin ar a laghad i measc ionadaithe na mballstát i gComhthionól Parlaiminteach na Comhairle. Chuir an CHomhairle cearta vótála na hÉireann sa Chomhthionól ar fíonraí nuair nár ainmnigh páirtithe an Oireachtais oiread agus bean amháin mar ionadaí, ainneoin na socraithe. Is faoi Fhianna Fáil (ceathrar) agus Fhíne Gael (beirt) a bhí sé dáirire céim bheag a thabhairt i dtreo comhchothromaíocht inscne, tharla nach raibh ach ionadaí amháin sa Chomhthionól ag páirtí Lucht Oibre agus na Neamhspleáigh. Ní raibh ceachtar príomhpháirtí toilteanach bean a chur anonn.

Is ábhar náire níos bunúsaí íonadaíocht íseal na mban (13.2 faoin gcéad) i nDáil Eireann. In olltoghchán 2002, níor tóghadh ach 22 ban as 166 teachta dála . Agus léiríonn an chomparáid idirnáisiúnta is deireanaí go bhfuil Éire i bhfad chun deiridh, ní amháin ar thíortha eile na Eorapa, ach ar 71 tír eile ar fud an domhain. De réir an chuntais is deireanaí a d'eisigh an tAontas idir-Pharlaiminteach seo a leanas na tíortha is fearr ó thaobh ban-ionadaíochta ina gcomhthionóil íochtaracha de, is é sin le rá, i leithéid na Dála abhus:

Rwanda 48.8%. An tSualainn 48.3%. An Danmhairg 38.0%. An Fhionlainn 37.3%. An Isiltír 36.7%. An Iorua 36.4%. Cúba 36.0%. An Bheilg 35.3%. Costa Rica 35.3 %. An Ostair 33.9%.

I measc na dtíortha eile atá chun tosaigh orainn , tá an Ghearmáin san aonú háit déag (32.2%) , Namibia sa bhfichiú háit (26.4%), Mósaimbic sa 14ú háit . Ceanada sa 36ú háit (20.6%). An Ríocht Aontaithe sa 49ú háit (17.6%) agus na Stáit Aontaithe sa 59ú háit (14.3%).