Iris na Gaeilge    Eanáir 2005         uimh 8

Gael Linn ... 50 Bliain - Cúlra agus Todhchaí

Ag oifig 35 Sráid an Dáma atá Gael Linn suite, eagras a bhfuil taithí aige ar conas an oidhreacht a mheascadh leis an nua. Agus tá a rian sin ar gach uile dhuine a chuaigh ar scoil sa tír seo le caoga bliain anuas. Má d'oscail tú leabhar nó má d'éist tú le ceirnín ceoil seans go raibh lógó Ghael Linn orthu. D'freastail an t-eagras ar riachtanais na Gaeilge sa rang agus ar thaifead ní go glórach ach go láidir, ciúin ar nós inneall éifeachtach leanúnach.

Anois tá Gael Linn ag ceiliúradh leathchéad bliain ar an saol. Tá go leor ábhar ceiliúrtha agus sásaimh ag an bpríomhfheidhmeannach, Antaine Ó Coileáin, agus a gHníomhclár ach é fainiciúil i gcónaí. Cuireann sé i gcuimhne d'einne gur mífhoighid agus frustrachas a ghin an t-ainmhí darbh ainm Gael Linn i dtosach.

" Bhí mífhoighid i measc daoine sna caogaidí maidir leis an nGaeilge. Thuig daoine go raibh an teanga i gcruachás agus go raibh an Ghaeltacht ag cúlú. Mhothaigh siad go raibh ré nua-aimseartha ag teacht go hÉirinn agus nach raibh aon fhreastal á dhéanamh ar an nGaeilge. Cinnte, caitheadh cuid mhór acmhainní ar an nGaeilge sna fichidí agus na tríochaidí ó thaobh oiliúint mhúinteoirí, na Gardaí agus na h-institúidí Stáit. Ach bhí na ceannródaithe a bhí ann ó am bunaithe an Stáit ag dul in aois anois.''

B'fachtas don a lán go raibh teipthe ar an iarracht athbheochana agus bhí cuid mhaith acu díomách. Dá mbeadh ceirnín uait is i mBéarla a bheadh sé agus bhí an Ghaeltacht á bánú ag an imirce. Dáiríre bhí an tír in umar na haimléise. Ní raibh muinín ag daoine astu féin. Ach mhothaigh an dream sin go raibh foinse inspioráide agus ionannais sa teanga agus sa chultúr. Chrom siadsan ar theacht i dtír ar na pointí sin.

Cúigear a bhí ainmnithe mar chaomhnóirí Ghael Linn: Dónal Ó Móráin, Seán Ó Síocháin, Aodhgán Brioscu, Máirtín Ó Cadhain agus Máire Breathnach. Cuireadar amach an glaoch agus fuaireadar an t-airgead. Shrocraigh siad ar scéimeana sa Ghaeltacht le postanna a thabhairt do dhaoine agus scéimeanna cultúrtha lasmuigh don Ghaeltacht a chur chun cinn..

Tionscnaíodh don chéad uair an turasóireacht chun na Gaeltachta. Bhí 'cabaret' ar siúl sna hóstáin Ghaeltachta sa caoi is go mbeadh blaiseadh den chultúr agus den dúchas agus den dúchas áitiúil ag daoine a thug cuairt ar na hóstain sin. Agus na tionscail a bhí ann bhaineadar ar fad le achmhainí nádúrtha bunaithe ar an iascaireacht agus ar an bhfeilméireacht. Ní raibh aon amhábhair ceannaithe ón taobh amuigh. Bhí gach rud dúchasach.

Bhí an coincheap céanna ag Gaelearraí Iontaofa, nár tháinig ar an saol go ceann scór bliain eile. B'amhlaidh le go leor scéimeanna eile dá chuid a tógadh ( nó a sciobadh ) nó ar athmhúnlaíodh iad ag eagraíochtaí a bhí le teacht. Ba iad Gaeltarra Éireann, Bord na Gaeilge, Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta, Gael Linn in aon phacáiste amháin go dtí na seachtóidí.

Tá stádas carthannachta ag Gael Linn. Ní íoctar táillí le baill an bhoird. Cuirtear gach cent brabúis ar ais sa ghnó. Féachann Gael Linn air féin mar sheirbhís phobail. Ach tuigeadh i gcónaí an tábhacht le hairgead a bhailiú. Bhí foireann an-éifeachtach ag an eagras agus bhí gníomhairí agus timirí ar fud na tíre. Bhí crannchur ann bunaithe ar na cluichí Gaelacha. Tháinig an t-airgead isteach agus bhí síad in ann infheistíocht a dhéanamh i monarchana agus scéimeanna tógála chomh maith le scéimeanna cultúrtha. Is cuid lárnach de mhaoiniú Ghael Linn i gcónaí an chistíocht, agus tá foireann gníomhairí ag obair ar fud na tire.

Bhí Gael Linn ar nós Bord Stáit. Bhí dreamanna eile ag scríobh agus ag iarraidh deontais do scéimeanna tionsclaíochta, do chumainn drámaíochta, agus do ghrúpaí pobail i ngach áit. Scéim cheannródiaíoch eile ar chuir Gael Linn tús leis ná scoláireachtaí trí mhí. Bronnadh iad seo ar ghasúir le tréimhse trí mhí a chaitheamh i scoil náisiúnta sa Gaeltacht.

Ar an taobh eile den tír, agus leis an gcuspóir an caidreamh a threisiú idir an Ghaeltacht agus an chathair, eagraíodh oícheanta seanchais in Amharclann an Damer i mBaile Atha Cliath. Ar an stáitse sin bhíodh oícheanta Gaeltachta inar cuireadh daoine ar nós Seosamh Ó hEanaí agus Seán de h Óra, na daoine ba mhó le rá san amhránAíocht agus sa scéalaíocht, i láthair pobail nua. As sin a d'fhás na ceirníní. Nuair a bhí na hamhránaithe agus na ceoltóirí i mBaile Átha Cliath tugadh isteach iad agus rinneadh ceirníní ar luas 78 dá gcuid ceoil.

Ba réabhlóideach amach is amach é, mar ní raibh aon chomhlacht eile in Éirinn ag déanamh taifid ar cheol traidisiúnta na tíre ag an am sin. Tá cartlann ceoil ag Gael Linn mar sin nach féidir a luach a mheas. "Tá fiche ceirnín againn ar an luas 78 agus táimid chun iad a atheisiúint ar dhlúthdhiosca dúbailte chomh maith le leabhar eolais'' arsa Antaine Ó Coileáin. "Cloisfear ceol leithéid Willie Clancy agus Seosamh Ó hEanaí le barr feabhais curtha air trí leasú na teicneolaíochta.''

Ach tá cartlann luachmhar eile ag Gael Linn, a chuid scannán! Sna caogaidí ní raibh ach Pathe agus Universal ann le nuachtscannáin a chraoladh. Chuir Gael Linn 'Amharc Éireann', agus go leor eile ar an saol á.

FOINSE 2003