Iris na Gaeilge    Eanáir 2005         uimh 8

Litir ón Éigipt

le Deirdre M Weir

Assalamu' alekum!. Síochán leat; Beannachtaí ó CHairEo!. Táimid anseo le Cór agus Ceolchoireach d' ochtó duine. Beimid ag léiriú ceolchoirmeacha, mar shampla, Haydn's Creation, in arás Ceoldrámaíocta Chaireo, agus Comhdáil na hEagraíochta Sláinte, agus, freisin, san Eaglais Anglacánach i gCaireo. Ag deireadh na seachtaine beidh ceoldráma eile againn, Motzart's Mass in D, in Amharchlann Sayed Darwich, Alexandria, ar chósta na mara.

Táimid ag cur fúinn in Ostán Chaireo Saifir, Dakki, Gizza. Nuair nach mbíonn cleachtadh ar siúl againn táimid ag baint taithnimh as taiscéalaíocht a dhéanamh ar fud na h-áite. Turas traenach agus tacsaí is mó atá á ndéanamh againn. Tá an costas réasúnta go leor. Tá an hathair suimiúil. Shiúlamar síos sráideanna clocha i Coptic Caireo, an áit in a bhfuil eaglais Chríostaí. Tá scéal ann go raibh an leanbh Íosa i bhfolach ó Herod anseo uair amháin. Ansin, thugamar cuairteanna ar An Daingean (An Citadel), an Sionagóg agus Músaem na hEigipte. Bhí na laimhdhéantúsain le féiceáil ann go hiontach. Bhí eolas le fáil againn ann freisin faoi na pirimidí, foirgnimh a bhí go hanspéisiúil ar fad. Bhí seans anseo againn rudaí a cheannacht sa mhargadh.

Tá an aimsir te agus níl sé ach mí na Feabhra fo fóill. Tá an t-aer truaillithe, ach taitníonn an chathair liom. Tá na sraideanna plódaithe agus tá asal agus trucail ann agus gluaisrothair in úsaid ag na daoine óga. B'fhéidir go raibh thiú nó ceathrar duine ag marcaíocht orthu, nó ag lorg spáis ann. Ba chróga an mhaise duinn dul trasna an bhóthair mar gheall as an tracht. Deirtear nach mbíonn mórán taismí ann.

Ar an chéad radharc a bhí agam ar na Pirimidí bhí mé ar mo bhealach go hAlexandria. As an ceo, galánta, mórthaibhseach tá said le feiceáil. Tár éis tamaill fhada stop an cóiste ag an Geata Dola ar an bhealach go hAlexandria Bhí na Gardaí ag fanacht chun sinn a thógail go hAmharchlann Sayed Darwich Bhí faill againn siúl cois na farraige go moch ar maidin. Tá Alexandria níos saibhre ná Caireo Is ceantar turasóireachta é…..áit a bheannaigh déagoirí 'Assalmu'alaykum','Ola', nó' Bon Jour' dom. Rinne bunús na ndaoine miongháire fúm. Ní fíor go mbíonn daoine cráite ag díoltoirí.

Bhí lá amháin saor againn. Síos linn le chéile agus sinn faoi dhraíocht ag an Spinx agus na bpirimidí, Gizza agus Saqqara.. Bhí mé cróga go leor le dul ar mhuin camaill. Glacadh gríangraf díom. Bhí lucht stiúrtha na gcamall ag éileamh airgid diom as an gríangraf. B 'iontach an eispéireas é sin.

Nuair a bhí deireadh leis na coirmeacha ceoil bhí brón orm an áit seo a fhagáil. Ach níl neart air. Gabhaim buíochas 'Shukra' ar mhuintir na hEigipte. Slán!