Iris na Gaeilge    Eanáir 2005         uimh 8

Stáisiún Gineadóireachta Ard na Croise

( The Shannon Scheme: ESB )

Nuair a d'fhill an Dr. Tommy McLoughlin ar Éirinn ón Ghearmáin i 1923, ní raibh ach 48 milliúin aonad leictreachais á gcaitheamh sa tír in aghaidh na bliana. Bhí 36 milliún aonad díobh sin á gcaitheamh i mBaile Átha Cliath. Mar chomparáid, tá 9,000 milliún aonad in s úáid fé láthair.

Chaith Dr. McLoughlin a chéad bhlíain iar- chéime ag fáil cleachtadh innealtóireachta sa Ghearmáin. Nuair a bhí sé ansin, fuair sé cruthú deimhnitheach ar ní a chreid sé go raibh géargá le soláthair leictreachais in Éirinn. Dá mbainfí amach fás gasta eacnamaíochta agus an rath a ghabhadh leis, bheadh leictreachas saor agus fluirseach de dhíth . Ansin, chuir an Dr. McLoughlin tús le feachtas chun a chur ina luí ar an Rialtas gur cheart dóibh glacadh leis an phlean a bhí aige do Scéim na Sionna. Chuidigh Patrick Mc Gilligan leis, cara a bhí ar choláiste leis, agus a cheapfaí go luath ina Aire Tionscail agus Tráchtála.

Nuair a tugadh leath nod do i mBaile Átha Cliath, b'éigean dó a áiteamh ar a fhostóirí Gearmánacha, Siemens Schuckert, tuarascáil a ullmhú ina mbeadh dearadh don Scéim agus cruthú ar a chumas eacnamaíochta. Bhí an tuarascáil seo ar fáil, rud a bhí dochreidte, lastigh de sé mhí agus cuireadh os comhair an Rialtais í 1 Meán Fomhair, 1924. Tar éis a lán díospóireachta, ghlac an Dáil agus an Seanad le Bille Leictreachais na Sionna 1 Meitheamh 1925, d'aon ghuth. Síníodh an conradh le Siemens i Lúnasa, 1925 agus tosnaíodh ar an obair láithreach.

De bharr topografaíochta an limistéir, ní rabhthas in ann úsáid a bhaint as gnathdhearadh i taiscumar mór taobh thiar de damba ard agus stáisiún giniúna ag a bhun. Ina áit sin, thógfaí damba beag, nó cora, ar an abhainn lastuas de Dhroichead Uí Bhriain agus trí mhíle ó dheas ó Chill Da Lua. Tógadh canáil ansin ón chora sin go dtí láithreán an stáisiúin ghiniúna. Bhí sé seacht míle go leith ar fhad. Deineadh é ar aon líne le fána na gcnoc leis an t-ábhar a bhí ag teastáil leis na claíocha ar an dá thaobh a choinneáil faoi smacht..

Ag Ard na Croise tá damba 30 méadar ag deireadh na canála. Fite fuaite ansin tá na bealaigh uisce 6 méadar a sholathraíonn uisce do na tuirbíní sa stáisiún giniúna ag bun an damba. Ansin, tá canal, míle go leith, a thógann an t-uisce, ar a theacht amach as an stáisiún giniúna, go dtí an abhainn míle ó Luimneach.

Sa chéad dearadh bhí leagan amach do thrí thuirbín agus cuireadh thrí chinn eile leo níos deireannaí. Críochnaíodh trí cinn i 1929 agus an ceathrú ceann i 1934. Níor tógadh an cúigiú ná an séú aonad.

San obair tógála aistríodh 9 milliún méadar ciúbach de chré agus 1 milliún méadar de charraig. Tógadh ceithre dhroichead mhóra agus cuireadh naoi abhainn agus sruth ar mhalairt slí. Chun na hoibre a dhéanamh, níorbh fholáir mórán ineall, 58 ineall traenach agus 500 vaigín san áireamh, a iompar ón Ghearmáin go Luimneach. Bhí cúig míle fear, idir Gearmánaigh agus Éireannaigh, i bhfostaíocht, agus líon mór díobh ar lóistín i gcampa ag Ard na Croise, Parteen Weir, O'Briensbridge agus Clonlara

Caitheadh ceithre bliana ar an obair. Ar 22 Iúil 1929, chuir an tUasal W. T. Cosgrave, Uachtarán Chomhairle Feadhmannaigh Saorstát Éireann, an meicníocht ar siúl a d'oscail na loc comhlanna ag Parteen Weir, ag ligint don tSionna an Ceannsruth a líonadh. Ar an 21 Meán Fómhair, ginneadh sruth leictreachais don chéad uair go triallach. Ar 24 Deireadh Fómhair 1929, tugadh Scéim na Sionna do Bhord Soláthair an Leictreachais.

Ba ghnó ollmhór tógáil Scéim na Sionna do thír bheag mar Éire, go háirithe nuair nach raibh an Stát ach trí bliana d'aois. Ba chuid an-mhór d'airgeadas an Stát Nua an £5. 5 milliún punt a caitheamh uirthi agus bhí argóint chrua ar siúl sa Dáil agus in áiteanna eile dá bharr sin.

Bhí daoine ann a tugadh 'McGilligan's White Elephant' ar an scéim (an t-Uasal De Valera ina measc), ach cruthaíodh gurbh orthu féin a bhí an dul amú nuair a tháinig méadú iontach ar éileamh leictreachais tar éis an fhuinnimh ón tSionna a chur ar fáil.

I 1929, nuair a thosnaigh Ard na Croise ar bheith rann-pháirteach le Pidgeon House mar phríomh-sholáthairtí leictreachais, bhí 300 gineadóir eile in Éirinn, a mbunáite an-bheag. Chinn Bord Soláthair Leictreachais, nuair a bunaíodh é i 1927, ar fhuinneamh saor a sholáthar do chách sa náisiúin, agus diaidh ar ndiaidh, thóg sé na gineadóirí bheaga go léir ar láimh.

B'é Ard na Croise ard-oifig an B.S.L. ag an uair sin. B'iad oibrithe an tSeomra Riarachain in Ard na Croise a chinn cent- inneall a sholáthródh an t-éileamh uair ar bith, agus bhí s de dhualgas orthu go dtí gur bunaíodh an Oifig Seolta i mBaile Atha Cliath i 1954.