Iris na Gaeilge       Lunasa 04            uimh 7

 < contents

Ar Mo Sheachrán Féin 3

le Séamus O Cionnfhaolaidh

Bheannaigh mé dos na daoine a bhuail liom an lá ar mó shiúl, ach an dial freagra ní bhfuaireas mar níor labhair aoinne lena chéile sa tsráid ná i dtigh tábhairne muna mbeadh aithne roimh ré ag duine ortha, agus níorbh fhéidir liom é seo a thuiscint. Bhí ionadh agus uaigneas go leor orm, ach chaitheas í a smachtú le foighne, agus mo smachtín crón a chrú go meidhreach.

Thosnaigh mé ag obair an lá ina dhiaidh san agus bhí gach aoinne go deas séimh liom, agus ní fheaca mé aoinne a bhí mar an cuir amach a bhí ag m'athair ortha. Daoine ceansa ba ea an chuid ba mhó acu, ach uaineannta bhuailfeá leis an drochúll . Bhí maor ar an obair a thaispeáin sonrai na hoibre dhom. Ní raibh aon teicniciúlacht ag baint leis an obair sin, mar bhí orm na cairréistí insan traein a fholmhú, agus na beartáin a bhí istigh intí a thabhairt isteach go seomra mór míshláintiúil agus iad a dheighilt isteach i málaí a bhí ar crochadh ar fhráma mhór a bhí i lár an urláir chun go mbeidís ag dul amach arís go dtí áiteanna éagsúla ar fuaid na tíre. Agus tar éis mí amháin bhí an tíreolas go léir agam ar cá raibh gach baile mór agus beag san tír iomlán. B'iontach an slí é chun tíreolas a d'fhoghlaim.

Bhí gach aon rud ag dul im shlí, ach bhíos fós ag smaoineamh ar an Rinn agus ar an dream álainn a dh'fhágas im dhiaidh, agus ar cheol agus amhráin agus ar chluichí cártaí oíche gheimhridh, ach mo léan bhí mé anois i dtír i measc daoine nár thuig mo chás na mo shlí mar a bheadh uainín i measc seilbhe caorach , gan solas, gan féinspéisiúlacht insan saol i rabhas anois agus gan aon fháil agam ar éaló ná teitheadh. Ach níor chaill mé mo mhisneach, agus mar adúirt Ellen Bagge liom an lá fér fhág mé an Rinn: 'Gheobhaidh cois ar bóthar rud éigin, ach ní bhfaighidh súil sa chúinne ao' rud'.

Bhí an t-uaigneas ródhian orm fós, agus dúirt mé liom fhéin go scríobhfainn abhaile go dtí bainisteoir a bhí ar an monarcha leathair in Dún Garbhán féachaint an mbeadh aon fháil ar aon phost a dh'fháilt , mar bhraith mé uaim gach aon rud Gaelach, agus bhí mé sáite anso i measc daoine nár thuig mo chás, agus rud eile ná ráibh am acu í a thuiscint, mar bhí an obair agus an leaba mar shlí mhaireachtain ag formhór na ndaoine agus ní bhíodh mórán am saor. Fuair mé litir ar ais óm dhuine, agus is é rud adúirt sé san litir chugham ná: ' Mhuise cén caduaic athá ort? Dar ndóigh gheofá a bheith in Eirinn in uair a chloig ar eitleán chun an tír a fheiscint uair eile'. Ach mo léir, ba bheag an tuiscint a bhí aige dhom phian agus dom uaigmeas.

Bhí na Sasanaigh go léir ag glaoch Paddy orm, agus b'ait liom é seo mar níor thug mo mháthair Paddy riamh orm, agus nuair adúirt mé leo nárbh é sin m'ainm, níor dheineadar ach gáire . Agus bhí mé lá ag caint le seanshaighdiúir ón mBreatain Bhig, agus bhí mé ag insint mo scéil do agus dhéin sé siúd gáire chomh maith, ach dúirt sé liom: 'An chéad uair eile a thabharfaidh siad Paddy ort, glaoighse George ortha san, agus ní bheidh siad róshásta leat'. Agus sin mar a dhein mé agus níor chuala mé Paddy orm ina dhiaidh san.

Ní raibh ach £7 sa tseachtain agam, ach ba mhór an bhos airgid é sin na laethannta san. Ach nuair a bhíodh an cíos as, agus bia ceannaithe, ba bheag a bheadh fágtha, agus ní raibh fhios agam mé a bheith ag dul i mbochtacht in aghaidh an lae, ach ba mhór an méid é tar éis bliain a chaitheamh i nDún Garbhán ar £1 amháin sa tseachtain.

Bhí a lán díomáiste déanta ag an bplaoscadh a fuair an áit le linn an chogaidh, agus bhí a lán foirgintí dá leagaint agus dá dtógáil. Agus bhí mé lá ag gabháil thar láithreach mhór tógála, agus thug mé fé ndeara seisear nó seachtar fear ag obair ar a ndícheall istigh ar an foirgnimh. Stadas taobh amuigh den ngeata Agus an uair sin gheobfa tri phost a fháil in aon lá amháin-bhí easpa oibreoirí san tír. Agus tharla gur tháinig maor na hoibre amach agus cheap sé go rabhas ag lorg oibre, agus dúirt sé liom go raibh deichniúr Éireannach ag obair istigh ansúd agus go mbeadh fáilte romham teacht agus tosnú a dhéanamh dá mba mhaith liom. 'B'fhearr liom aon Eireannach amháin', arsa sé, 'ná cúigear Sasanach'-agus Sasanach ab ea é fhéin- 'mar'arsa sé 'dhéanfaidís níos mó i leathuair an chloig ná mar a déanfadh Sasanach an lá go léir'. Bheul, bhíomar ag caint agus ag comhrá agus mé ag féachaint ar na fathaigh seo istigh, fir mhóra láidre agus uachtar na hÉireann, ag allas agus dá gcuimilt féin le ciarsúirí chun fuascailt éigin a dh'fháil ón dianobair seo, ach arsa mo dhuine: 'Cad is dóigh leath. An bhfuil post uait?'
.
'Níl' arsa mé leis,' ba maith liom bás nádúrtha a dh'fhail', agus d'fág mé slán aige agus dh'imigh mé chun mo shiúil a chríochnú

Bhí cogadh na Seapánach fós ar siúl agus nuair a tháinig an sos cogaidh bhí oíche mhór cheoil agus damhsa sa chathair, agus bhí daoine ag rínce insna sráideanna agus deochanna go leor ólta, ach níor ghlacas féin aon pháirt insna féiltí mar bhíos sórt aireach dul ina measc. Bhí sórt smaoineamh an uair sin againn nár cheart dul i measc na daoine ná aon charadas a beith eadrainn, agus ba mhór an trua go raibh an aigne chaol sin agam fhéin mar do chaill mé leis, agus níor aithníos na Sasanaigh i gceart fér fhágas an áit cúpla mí ina dhiaidh sin.

Bhí an obair maith go leor, ach maidir le aon saibhreas a theacht im threo, bhí thiar orm. Mar mara ndéanfá sprionlaitheoir ar fad a dhéanadh dhíot féin, agus dul go dtí do sheomra tar éis na hoibre agus éirí arís ar maidin chun dul ag obair, ní bheadh leathphingin fágtha tar éis do shaothair. Agus bhí mé rócheanúil ar an tsaoil sóch seo chun mo shaol a chaitheamh ag smaoineamh ar shaibhreas an tsaol seo, agus go mbh'fhéidir ná mairfinn chun é a chaitheamh mar a dhein cuid acu a dh'fhág Éire.

Ní raibh mórán Éireannach sa chathair seo, bhíodar i mBirmingham agus Coventry, agus i Londain, mar is ann a bhí an t-airgead mór le fáil.

Nuair a tháinig mí na Nollag bhi mé an-mhíchompordúil im aigne agus dúirt mé liom féin lá go mba fearra dhom a bheith ag gluaiseacht in áit éigin a mbheadh saol níos saibhre agam mar bhí mé bréan den saol gannchúiseach agus an dealús a bhí ag gabháil léi. Mar sin, i mí Eanair fuair mé post ón Rialtás sa méan Oirthear, agus dh'fhág mé slán agus beannacht ag Stafford , mar bhí sé uaim an saol sin thar lear a dh'fheiscint, ach duine éigin a dhíol as.

Table of contents