Iris na Gaeilge       Lunasa 04            uimh 7

 < contents

Scéal ó Auschwitz: Maximilian Kolbe

le Seán Ua Cearnaigh

I mí Dheireadh Fómhair, scór bliain nó mar sin ó shin, ainmníodh an tAthair Maxmilian Kolbe, Polannach, mar dhuine de naoímh na hEaglaise Caitlicí. Is beag eolas atá ag muintir na hEireann i ndáiríre faoin sagart naofa seo. Is trua san, óir is mór an chosúlacht a bhí idir Naomh Maxmilian Kolbe agus cuid mhaith de laochra creidimh na tíre seo.

Rugadh é ar an seachtú lá d'Eanáir, 1894, i Zdunska Wola, sráidbhaile bheag i ndúiche Lodz. Ba é Réamonn a ainm baiste agus ba mhac é le Julius agus Marianne Kolbe, lánúin a bhí beo bocht ach a bhí dílis riamh dá dtír agus dá gcreideamh. Beirt dheartháir a bhí aige, Proinsias agus Seosamh

Chuaigh Réamonn isteach san Ord Proinsiasach i 1910 agus chaith sé roinnt blianta ag gabháil do staidéar diaganta sa Róimh. In ardchathair úd na hEaglaise a oirníodh é i 1918. Ghlac sé an t-ainm Maxmilian , agus is faoin ainm sin a aithnítear é inniu. Chuaigh a bheirt dheartháir ( Proinsias agus Seosamh ) inteach sa Ord freisin ach ní fada a d'fan Proinsias ann. Lean an deartháir eile ar aghaidh áfach agus oIrníodh é faoin ainm Alfonse ar ball.

Thug Muintir Kolbe gean agus grá riamh do chultúr agus do chúis na Polainne. D'éag Julius, athair Maxmilian, ar son na saoirse i gcampa géibhinn i 1914. Fíche naoi bliana ina dhiaidh sin, d'éag Proinsias i gcampa géibhinn de chuid na Naitsithe. Idir an da linn d'éag na deartháireacha eile go tragóideach. Fuair Seosamh , an t-Athair Alfonse, bás i 1930 agus gan ach 34 bliana slánaithe aige, agus maraíodh Maxmilian , mar is eol duinn, in ifreann Auschwitz i 1941. D'éag an mháthair, Marianne, i 1946.

Chaith Maxmilian a shaol i mainstreacha éagsúla sa Pholainn agus sa tSeapáin, mar a rinne sé sár-obair ar son an creidimh. Bhunaigh sé eagras nua , Saighdiúirí Mhuire gan Smál , d'fhonn briathar Dé a craobhscaoileadh. Bhunaigh sé iris , 'Ridire Mhuire gan Smál ', a raibh an-rachairt air i rith na blianta . I 1938 amháin bhí suas le milliúin cóip de gach eagrán á ndíol . I Niepokalanov dó i 1935 chuir sé tús le páipéar laethúil ,' Maly Dziennik', i An Páipéar Beag Laethúil' , ar éirigh go rí-mhaith leis.

Bhí Maxmilian i mbun a chuid oibre i Mainistir Niepokalanov nuair a bhris an Cogadh amach. Ghabh na Gearmánaigh é ar 19 Meán Fómhar 1939. Chaith sé cúpla mí i ndá champa géibhinn, Amtilz agus Ostrezeszow , sular tugadh cead a chinn dó ar an ochtú lá Nollag 1939. Gabhadh é arís , áfach , ar an seachtú lá déag d'Feabhra, 1941. Seoladh é chuig Príosún Vársa . Ar an fíche hochtú lá de Bhealtaine, aistríodh é go hAuschwitz . B'uasfásach an íde a tugadh dó in Auschwitz . Níor tugadh le n-ithe do ach arán tur agus anraith cabáiste . Rinneadh é a chéasadh agus a chrá de ló agus d'oiche , ach d'fhulaing sé chuile chinéal cruatain go cróga Críostúil . Bhí sé croíúil gealgáireach i gcónaí agus ba mhinic é ag tógáil cian dá chomráidaithe bochta .

Tarraingt ar dheireadh mhí Iúil 1941 , d'éalaigh duine de na príosúnaigh. Mar éiric ar sin, chinn lucht stiúrtha an champa go gcuirfí deichniúr chun báis . Roghnaíodh an deichniúr mí-ámharach. Ina measc bhí Franciszek Gajownicek, mar fear pósta a raibh clann óg aige. Is ag an bpointe sin a rinne Maxmilian Kolbe a chinneadh uasal. Ghlac sé áit Franciszek Gajownoczek, go bhfuair sé bás ina ionad

Seoladh an tAthair Maxmilian agus an naonúr eile chuig bloc an bháis, áit ar fagadh iad gan bia. B'é rún na n-udarás ligin dóibh bás a fháil den ocras. Nuair a fuarthas amach go raibh Maxmilian agus ceathrar eile fós beo i ndiaidh dhá sheachtain, tugadh instealladh nimhe dóibh go bhfuair siad bás. I measc na ndaoine a bhí i láthair nuair a d'éag Maxmilian Kolbe bhí Bruno Borgowiec, príosúnach Polannach ar cuireadh iallach air feidhmiú mar rúnai agus mar aistritheoir sa champa. D'éag na príosúnaigh, ina dhuine agus ina dhuine. Teacht na triú seachtaine, níor fhan beo ach cúigear , an t-Athair Kolbe ina measc. Mheas na húdaráis go raibh an gnó ag dul ar aghaidh ró-fhada . Theastaigh an cillin uathu i gcóir íobartach eile".

"Mar sin, lá amháin, an 14ú lá de Lúnasa , 1941 , chuir siad fios ar stiúrthóir na hotharlainne , coirpeach Gearmánach darbh ainm dó Bock , gur thug sé instealladh d'aigéad nimhiúil dóibh uile . Thairg an tAthair Kolbe a ghéag don mbásaire , é ag gabháil do phaidreacha ag an am gcéanna. Scriobh Borgowiec "Níorbh fhéidir liom an méid da bhfaca mé a sheasamh níos mó . Lig orm go raibh gnó agam san oifig agus d'imigh liom".

"Tráth a raibh na gardaí agus an básaire bailithe leo d'fhill mé ar an gcillin. Chonaic mé an tAthair Kolbe ina shuí, a dhroim le balla , a shúile ar oscailt agus a cheann claonta ar chlé, mar ba ghnách leis . Bhí cuma shámh, sciamhach, shoilseach ar a ghnúis".

Sa Róimh i mí Dheireadh Fómhair 1982 , agus an Pápa de chuid a thíre féin i gceannas , cuireadh Maxmilian Kolbe ar liosta na naomh. Orthu siúid a bhí i láthair bhí Franciszek Gajowiczek ar thug Naomh Maxmilian a anam ar a shon breis agus daichead bliain roimhe sin .

Le caoinchead 'An Timire'.

Table of contents