Iris na Gaeilge       Lunasa 04            uimh 7

 < contents

An Bhriotáin tír fágtha gan teanga.
le Diarmuid Johnson

I 'bhFoinse' (2001) foilsíodh staitisticí faoi theanga na Briotáinise. Seo míniú ar na bunchúiseanna atá le meath na teangan. Tá formhór na dteangacha ar domhan ag fáil bháis. Tá ionnanas cultúir ar clár na cruinne. Sin é an macrocosm , agus tá na mílte microcosm in eangach na mhacrocosm sin. Ceann acu is ea an Bhriotáinis .

Is mían le Poblacht na Fraince bás na Briotainse. De réir Bhunreacht na Tíre sin, níl ach teanga amháin sa bhFrainc: 'La lange de la Répunlique est le Francais et l'hyme national est la Marseillaise,' ( Airteagal II ).

Ní bhfaighidh teanga bás muna bhfuil teanga eile ag leathnú anall thairisti. Agus ní bhfaighidh sí bás munar mian sin le lucht a labhartha. Sin mar atá sa mBriotáin. Tá athrú teangan tar éis tarlú, agus claochló ar shaol na tíre.

An t-athrú teangan a tharla sa mBriotáin tar éis an dara cogadh domhanda, tá sé rí-chosúil leis an athrú teangan a tharla in Eirinn i ndeireadh na 19ú aoise. Níor mhian le daoine go mbeadh Gaeilge ag a gclann. Ar an gcuma chéanna, ba mhian le daoine gan an Bhriotáinis a labhairt lena gclann. Tháinig athrú iomlán ar an Eireannachas tar éis an ghorta, agus tháinig a mhacasamhail d'athrú ar an mBriotánachas i rith na haoise seo. Níorbh fhéidir do dhuine gan a bheith ina Fhrancach. Bhí an dúchas agus an oiliúint in aghaidh a chéile , agus ba threise oiliúint mhór na dúchas beag

In Éirinn, bunaíodh stát. Cuireadh an Ghailge sna scoileanna. Tugadh ómós do sheanchas na Gaeltachta. Tugadh obair sa státseirbhís do Gaeilgeoirí. Is tionscail bisiúil atá sa nGhaeilge. Ach an cás ina bhfuil an Briotáinis faoi latháir, b'é cás na Gaeilge céad bliain ó shin é.
Murach gur bunaíodh stát na hÉireann, ní teanga phobail a bheadh sa nGaeilge níos mó. Bheadh sí fós á labhairt , ach ar éigean. Ní teanga nua-aoiseach a bheadh intí. Ní bheadh sí á léamh nó á scríobh ar cor ar bith. Sin mórán mar atá an Bhriotáinis.

Agus níl aon léas dóchais ann. Caitear teanga a chothú más beatha atá i ndán dí. Muna gcleachtann daoine sa saol gairmiúil í , fágfar sa gclúid í, agus is ann a éagfas sí .

Níl aon litríocht ann sa mBriotáinis. Sin de bharr gur imirceánaigh a bhí sna Briotáinigh an chéad lá. riamh. Idir an ceathrú agus an séú haois , nuair a bhí deireadh le ceannas na Róimhe sa mBreatain Mhór, agus na treibeanna Angla- Sacsanacha ag brú isteach , d'imigh líon mór daoine agus thug an mhór-roinn orthu féin. Is in Armorica an Bhriotáin is dlúithe a chuir siad fúthu .Pé saoithiúlacht a bhí acu , b'éigean í a athbhunú san iasacht , ach sin nár tharla.

Is beag doiciméad i mBriotáinis go dtí an cúigiú haois déag , agus is beag eile seachas drámaí diaga agus beatha na naomh atá sa gcorpus a mhaireann. Saothar na cléire a bhí iontu seo , aistriúcháin , agus is Fraincís gach ré focal ina bhformhór. Seo difríocht eile leis an nGaeilge. Tá litríocht fhlúirseach, ilghéitheach Gaeilge ann ó thús na meánaoise. Shaibhrigh sí seo seanchas na Gaeltachta. Is tobar í le síorathnuachaint a dhéanamh ar an teanga lenár linn féin.

Ní litríocht an t-aon ní a leanann traidisiún scríofa ach smaointeachas. Breathnaímís ar chás na Breatnaise (Welsh ). Bhí léamh a dteangan féin ag na Breatnaigh san aois seo caite. Níorbh fhíor sin i dtír Chaitliceach ar bith, ach is beag tír Phrotastúnach arbh fhíor ann ach oiread é. D'fhága léamh na teangan go raibh tuiscint ag an ngnáth- Bhreatnach ar chúrsai idé-eolaíoochta agus ar an mbumús atá le saoithiúlacht na hEorpa. Pé tuiscint a bhí ag an mBriotánach ar an saol mhór , is é leargas na Fraincise a bhí ann. Agus cuid de léargas na Fraincise ab ea an drochmheas ar a dhúchas féin.

Teanga shaibhir a bhí sa mBriotáinis. Bhain Barzaz Breizh cáil amach a bhí inchurtha le cáil Ossian le MacPherson . Ach is macalla den seansaol a bhí i saibhreas na Briotáinise , cuid iontais de lucht na seandachta agus na rómánsúlachta . An rud atá ag tarlú don Bhriotáinis, is gnáthrud é agus rud uafásach. Tá ag éirí go seoigh le rialtas lárnach na Fraince gach canúint agus gach teanga eile dá labhraítear i gcríocha na Poblachta a mhúchadh, agus Fraincís chaighdeánach a chur ina n-áit. Ní fíor sin faoi thír ar bith eile san Eoraip, ná ar domhan.

Is í an Bhriotáinis an t-aon teanga Cheilteach atá á labhairt ar mhór-roinn na hEorpa. Faoi cheann leithchéad bliain , ní mhairfidh sí ach i mbéal dornán cúiseoirí

Foinse. 2002.

Table of contents