Iris na Gaeilge    Marta 2004    uimh 6

Table of contents

AN CAINTEOIR DIOMACH le Paisceal O Fionnáin

errigal

 

Tá díoma orm faoi'n dul chun cinn atá déanta agam mar chainteoir Gaeilge ó d'fhág mé Oirthear Londain cúig mhí a shoin le teacht chun cónaí sa 'Teach Beag' í Machaire Chlochair, í gceart láir Ghaeltacht Ghaoth Dobhair, í dTír Chonnail

Bhí fhios agam ó laethannta saora bheith caite agam anseo le fada, go raibh an Ghaeilge ag meath achan bhliain de bharr tionchar an Bhearla, ach go raibh go leor cainteoirí dúchais ann le comhrá í nGaeilge bheith agam leo go ríalta. Go hairithe Máire iar- múintoir de bhunadh na háite a bhfuil socrú déanta againn gan teangmháil ach i nGaeilge amháin.

Is feidir liom éisteacht le Radio na Gaeltachta, atá lonnaithe 'san cheanntar , agus féachaint ar teilifís Ghaeilge , RT4, aon am sa lá is mian liom. Is feidir liom an nuachtán laethúil, 'Lá,' agus an seachtainiúil, 'Foinse', a cheannacht san siopa. Is feidir leabhar nua-foilsithe í nGaeilge a cheannacht 'san 'Siopa Leabhar, ' nó iad a fháil 'san leabharlann. Tá liotúirge an Domhnaigh foilsithe i nGaelge sa dóigh go bhfuilim ábalta bheith páirteach ins na freagraí le pobail na háite. Deirtear an tAifreann agus deirtear na paidreaca achan lá 'san teanga dhúchais ins an Eaglais álainn, an t-aon áit a mothaim go bhfuilim 'san Ghaeltacht mar is cuimhin liom í ins na sean bliainta.

Le buntáistí mar seo ar fáil níl leithscéal ag aoine a bhfuil fonn air gan dul chun cinn í bfoghlaim an teanga. Ach chun comhrá réasúnta bheith aige le daoine caithfid sé iad a cloisint í gceart. An rud nar thugas san áireamh ná de réir mar bhí meath ag teacht ar an Ghaeilge is amhlaidh go raibh meath ag teacht ar m'éisteacht comh maith. Tá an scéal imithe in olcas o chaill mé an t-áis éisteachta a fuair mé ó'n NHS sular fhag mé Oirthear Londain. Na laethannta seo is deachair dom Béarla a thuigmheal gan trácht ar an Ghaeilge

Ach, fada is atá mé ag feitheamh le coinne chun áis nua a fháil, ceann Eireannach an t-am seo, tarlíonn eachtraí a thugann muinín dom buaileadh ar aghaidh leis an ngleic. Mar tá freastalaí siopa a chuir mé tré chéile í toisc nach raibh Gaeilge ar bith aici (ná bac leis an fógra, 'Labhair Gaeilge Anseo', taobh thiar dí). Dhéin mé eisceacht agus labhair mé lei í mBearla. Caithfidh eisteachtaí a dhéanamh anois 's arís!. Agus an freastalaí eile (is iad freastalaí siopa formhór na daoine a mbíonn cómhra agam leo), cainteoir duchais nar thuig an focal 'Rachairt' a bhain mé úsáid as.

'Níl an Ghaeilge chéanna agat agus atá agamsa', a deir sí ós ard (mar tá sí cleachtaithe bheith ag iarraidh caint liom), agus saghas náire uirthi.
'Oh is Gaeilge Oirthear Londain atá agamsa' a deir mise!

Table of contents