Iris na Gaeilge    Marta 2004    uimh 6

Table of contents

OMOS DON EASPAG BEDELL
Glór na nGael, An Cabhán.

"O sit anima mea cum Bedello". Sin a dúirt an tAthair Éamon Ó Fearghail nuair a bhí cónra an Easpaig Bedell á ísliú ina uaigh sa reilig in aice le hArdeaglais Naomh Fheidhlimidh sa Chill Mhór, Co an Chabháin i mí Feabhra 1642.

Thaispeáin an ráiteas sin an meas a bhí ag muintir Bhréifne ar William Bedell. "Optimus Anglorum" a thugadís air. Ar an 8ú lá Meitheamh, Domhnach Cincíse, 2003 bhí seirbhis éicúméineach san Ardeaglais ag tabhairt ómóis do shaol an Easpaig agus don aistriúchán go Gaeilge a rinne sé ar an mBíobla. Tar éis na seirbhíse bhí turas go dtí a uaigh sa reilig in aice na hArdeaglaise. " An Tor ar
Lasadh" ó Bhéal Feiriste a d'eagraigh an cómoradh le tacaíocht ó Ghlór Bhréifne

Ins an tseirbhís thug an tOllamh Nicolas Williams léacht ar shaol Bhedell. Rugadh ar an 29ú Meán. Fómhair ,1571 é, i Black Notley, Essex. Nuair a bhí sé 13 bliain d'aois chuaigh sé go hOllscoil Cambridge, áit a chaith sé 18 bliain, idir staidéar agus múineadh, i gColáiste Emmanuel.

Ansin bhí sé mar mhinistéir ar Bury St. Edmonds ar feadh 5 bliana. I 1607 chuaigh sé mar shéiplínach le Sir Henry Wotton go dtí an Bhenéis san Iodáil, áit a d'fhan sé 3 bliana. Tháinig sé ar ais go Sasana agus phós sé. I 1624 cuireadh é mar Provost chuig Coláiste na Trinóide, Baile Atha Cliath, áit ar thosaigh sé ag foghluim Gaeilge

Rinneadh Easpag ar Ard Mhacha agus ar an gCill Mhór é i 1629 agus shrocraigh sé síos sa Chabhán. Is anseo a thosaigh sé ar an aistriúchán ar an mBíobla go Gaeil;ge le cabhair ó beirt fhear as an gceantar, Muircheartach ÓCionga agus Séamus Neangail. Tharla réablóid 1641 agus de bharr drochíde a fuair an tEaspag, bhuail tinneas é agus fuair sé bás i dteach Dhonnchadh Uí Shiordáin, seanchara dhílis leis, i Drom Corr ar an 7ú lá Feabhra, 1642.

Níor foilsíodh Bíobla Bedell go dtí 1685. Tá coip le feiceáil in aice leis an áltoir san Ardeaglais. Tá coipeanna eile le feiceáil sa Seomra Tágartha sa Leabharlann Phoiblí i mbaile an Chabháin comh maith le ceithre leabhar beathaisnéiseach, ceann amháin a scríobh mac le Bedell, William eile.

Tá moladh mór ag dul do na daoine a d'eagraigh an comóradh seo, agus bheadh sé ceart dá mbeadh a leithéid ann gach bliain as seo amach ar Dhomhnach Cincíse.

From 'The Anglo Celt ', Cavan. 17. 7 2003.Táimid faoi chomaoin ag Máirtín O Conaile freisin.

Table of contents