Iris na Gaeilge     November 2003   uimh 5

Table of contents

WARRINGTON

by Máire Uí Glennáne

Nuair a tháinig mé go Warrington ar dtús cheap mé go mbeadh mé ann ar feadh cúpla bliain nó mar sin. Tríocha bliana níos déanaí agus tá mé anseo fós.
I dtosach bhí cumha orm i ndiaidh an bhaile. Nuair a chonaic mé na bláthanna bhána ar an sceach gheal chuir siad i gcuimhne dom na fálta sceach comh h-álainn ag an am céanna in Eirinn.

Bheartaigh mé eolas a fháil i dtaobh Warrington. Thosaigh mé ag freastail ar léachtaí den Cumainn Staire Aitiúla. Beagán ar bheagán d'eirigh feasach orm go raibh stair an bhaile an- shuimiúil. Tá a lán de na h-ainmneacha de na sráideanna ag baint le daoine agus ocáidí stairiúla.

Tá Warrington suite ar thaobh na h-abann Mersey. Tá an suíomh Warrington an-thabhachtach ón am fadó mar gheall ar an t-áth, agus níos déanaí, na droichid trasna an Mersey. Tá Warrington san áit a thrasnaíonn an príomhbhealach íar-oirthir an príomhbhealach tuaiscirt - deiscirt. Tá sé an achar céanna ó Learpholl agus ó Chester is le Manchain, a bheag nó a mhór.

.Tá móran lámhdhéantúsain stairiúila ann ón amanna Romhánaigh nuair a bhí lonnaícht mór anseo. Chuaigh a lán buíonta saighdiúirí Romhánaigh trí Warrington nuair a bhí siad ag dul go Hadrian's Wall agus áiteanna eile, mar bhí sé ar a gcumas soláthairtí a fháil anseo.

Tá cruthúnas ann go raibh margadh tabhachtach i Warrington ón am roimh theacht na Normanaigh. Thánig daoine ó mhórán áiteanna go dtí an margadh i Warrington . Tá sé luaite i leabhar Doomsday. Thug Stephen, garmhac de William the Conqueror, smacht ar Warrington agus na fearann timpeall na h-áite. Thug sé do clann de Villars iad. Nuair a phós inion den clann, d'athraigh ainm na tíarní de Warrington go Boteler. Bunaíodh an céad scoil i Warrington, Boteler Grammar School, i 1526, buíochas le Thomas Boteler.

Nuair a bhí an cogadh cathartha ar siúl sa bhliain 1643, tháinig Oliver Cromwell go Warrington. D'fhan sé i lóistín i Sráid na h-Eaglise agus tá an teach beag sin ann fós. Tá dealbh Cromwell ina sheasamh in aice an droichead ag bun an bhaile.

Sa bhliain 1757 bunaíodh coláiste cháiliúil i Warrington. The Academy an t-ainm a bhí air. Bhí sé cáiliúil mar bhí na mhúinteoireacht thar bharr ann. Tháinig léachtóirí mórga ann , mar Rev. Gilbert Wakefield, Dr. John Aiken agus go h-áirithe , Joseph Priestly, an t-eolaí iomráitheach, chun múineadh ins an Academy.

Inniu tá fhíos ag a lán daoine ar Warrington de bharr an Thelwall Viaduct. Bíonn sé luaite go minic ar an nuacht tráchta.

Is maith liom i bheith i mo chónaí i Warrington anois. Tá sé chóngarach don Lake District, an Peak District, na Yorkshire Dales agus an Bhreatain Bheag , comh maith le Manchain , Chester agus Learpholl, mar a duirt mé.

Tá ranganna Gaeilge i Learpholl agus i Manchain. Is feidir freastail ar rince seiteanna agus pairt a glacadh i mórán gníomhíocht cultúir. Tá rogha mór de amharclanna, pictiúirlanna agus hallaí coirm cheoil ann. Táimid suite idir dhá aerfort agus cóngarach do poirt freisin an-úsáideach chun taisteal go h-Eireann.


Table of contents