Iris na Gaeilge   November 2003    uimh 5

Table of contents

AN CUMANN GAELACH

le Seoirse O Broin


Go mbeirimid beo ar an am sin arís!. Tharla sé nuair a bhí mé seacht mbliana déag d'aois agus is beag póg a fuair mé ó cailiní is deise gealgháirí dá bfhaca mé aríamh. Bhí mé ró-chuthaileach roimh na cailiní ag an am sin ach níor chuir sin bac leis an méid aoibhnis a bhain mé as an t-saol i Londaon i 1938.

Shílfea sa domhan inniu nach raibh Eireannaigh ar bith i Londain roimh na daicheadaí. Bhail, bhí go leor ann agus spiorad ionta an saol a athrú. Bhí freasúra anseo, ar ndóigh, freasúra cine agus creidimh. D'feicfeá go leor fógraí faoi lóistiní sna siopaí nuactán a rá nach raibh fáilte roimh Eireannaigh nó Gormaigh.

Bhí coneál d'ádh orm le lóistíní. Cuireadh suas mé in árasán baintrí a raibh togha béilí le fáil aici. Bhí go maith agus ní raibh go h-olc go dtí gur thosaigh an iníon ag súirí agus mise i láthair. Chuir sin leisce uirri agus ní raibh neart agam air óir ní raibh teas sa seomra leapa dom chun éalú as. D'eirigh sí mí-shásta leis an dul chun cinn a rinne sí agus cuireadh fios ar mo aintín gur cheart domh imtheacht.

Fuair mo aintín lóistín dom i mbrú an Chumainn Chaitlicigh Westminster a rabh ógánaigh as gach cearn ag fanacht ann. Sa Bhrú d'fhoghlainm mé fán chéili sa Chumann Ghaelach ag Hammersmith. Bhíodh céilí ann gach Satharn, ranganna Gaeilge agus drámaíochta i rith na seachtaine.

Bhí an foirgneamh suíte idir stáisiún na bpóilíní agus proinnteach Iodáileach le Muintir Cattini. Bhí halla Eireannach. "Eire Og" le damhsaí gallda ar an urlár talún, oifigí ar an dára urlár agus na Gaeil chearta ar an bharr. Chun tae a dhéanamh b'éigean uisce a thabhairt on talamh agus na buachaillí a d'iompair na buicéid ón bhun. Bhiodh cáil an nirt ortha i measc na cailíní, go mhórmhór Jack Birmingham. Ní raibh ach fáinne gáis amháin leis an tae a dhéanamh , agus na cailíní in éad lena chéile a bheith páirteach ann.

Céilí ceart a bhí ann agus fear a'tí ag scairteach amach na ndamhsaí i nGaeilge roimh an Bhéarla: "Ionsaí na hInse", Pléaráca na Bandan", " beirt eile anseo", "ceol anois". Bhíodh Sasanach darbh ainm Bill Rawlinson ag seinm ar an phiáno, O Súileabháin as Corcaigh ar an fhidil, Padaí Mac a'Tailléara ar an fhliuteog . A leithéid de cheol chuirfeadh sé na cait ag rince. Ba chuma mura raibh eolas an damhgsa agat, bheadh foighne agus fáilte roimh an duine nua agus é go léir ar réal an oíche.

" Beidh sos againn". Ach indiaidh na gcupán tae bhíodh dreas rince faoi leith nó deireadh Art amhrán "Ireland divided shall never be free", cailín éigin amhrán i nGaeilge , "A Una Bhán", no Tomás: " The Darling Girl from Clare". Anois agus arís bhíodh roinnt aithrise ó Michéal O Súileabhán mar " Trimmings of the Rosary" nó "Carmody's Car ".

Uair amháin bhí céilí bréagéadach ar siúl agus tháinig fear darbh ainm George Fluke isteach gléasta mar fear buí le hata cruinn agus sáis Oráisteach. Ní nach ionadh, bhí a athair ina mhinistéir Preisbitéireach sa Tuaisceart, cé go raibh George báúil leis an scaifte eile. Ghoid an gléasbhairt sin an chéad duais gan amhras.

Tamall ina dhiaidh sin tharla go raibh feachtas poblachtach ar siúl i Londain agus cuireadh cuid mhór de lucht freastail an chéilí abhaile ag saoistí an dlí anseo. Gabhadh an George céanna in Edgeware Road agus cuireadh ina leith go raibh sé ag cur pléasctha sna boscaí litreach. Fuarthas clóráid potáise i bpóca a chóta de réir fianaise. Tamall roimhe, sin bhí duine gaibhte as pléascán a chur ar dhroichhead Hammersmith. Sheas máthair an bhuachalla sin i gcuirt ag maíomh go bhfuair an Seoirse céanna an cóta sin óna mac ar iasacht de bhrí go raibh George di-fhostaithe. Ligeadh saor Seoirse ach díbríoch go hEireann é . Chuala mé gur cuireadh sa Churrach é mar bhraighdeanach.

Scriobh Tarlach hUid cuntas ar an tréimhse san, "Ar thóir mó shealbha", ach tá sé as cló anois. Is beag nár chuireadh mise abhaile ag an am sin cé nach raibh mé i ngluaiseacht ar bith. Ach díbríodh cairde a bhí dlút liom.

Tháinig an cogadh, ach deamhan dochair a rinne sin don chéilí . Is cuimhin liom dul ann agus na pléascáin ag titim. Oiche amháin chuaigh mé abhaile le cailín agus bhí sé ró-bhaolach a bheith ag siúl ón stáisiún. B'éigean dúinn an oíche a chaitheamh i ngaráiste na mbus ag Victoria. An baol a bhí ann b'é an srapnal óna gunna móra. Bhíodh cómoradh mór Féile Padraig ag dul ar aghaidh i rith an chogaidh thuas i lár na cathrach. Uair amháin chuala mé gur tháinig slua abhaile trid Chearnóg Trafalgar. Thosaigh siad ag déanamh rincí Gaelacha sa chearnóg agus na póiliní ag lonnrú tóirsi orthu sa dúdhorchadas. Shíl siad ar dtús go raibh na póiliní ar tí ruaig a chur orthu, ach a mhailairt ar fad. Bhain siad scléip as. Ní raibh Hitler ag dul ruathar a dhéanamh ar an oíche naofa sin!.

Ní amháin go raibh céilithe agus ranganna ar siúl againn ach chuamar amach faoin tuaith ar seilgeanna, ach b éigean dúinn ceapairí a thabhairt óir bhí an chiondáil i bhfeidm.

Bhíodh sé in a 'pheaca mhór a bheith Sasanach ar dhóigh ar bith. B'fhurasta an leasainm " Seoinín" a thuilleamh as rince gallda a dhéanamh nó a bheith ag canadh amhrán gallda. B' fheidir go raibh sé giota beag crua agus caolaigeantach, ach coinnigh sé an smaoineamh Gaelach. Ní raibh urchóid sna daoine a bhain sásamh mór as.

Table of contents