Iris na Gaeilge     November 2003           uimh 5

Table of contents

IS MAITH IS CUIMHIN LIOM E.

le Caoimhghín O Brolcháin

Cuairt ar Londain. Agus mé i mo mhúinteoir scoile …..fadó…..dob éigean duinn na páistí a thógaint ar 'Cuairt' go dtí áit éigin anois is arís i mbus nó ar dtraen. Uaireannta chuaidh sinn go Wembley chun peile idirnáisiúnta idir scoileanna thar sáile a fheiscint. Cuma ar bith, bhíomar ar an mbothar ar fud na hoiche ar turas fada agus nuair a shrois sinn ceann scríbe go moch ar maidin bhí ceist amhain ann……ná cad a dhéanfaimid leo go dtí tosnú an chluiche.

Ní bheadh a fhios agat choiche cad a bheadh siad a smaoineamh. Is maith is cuimhin liom cuairt a thug sinn le rang de mo chuid daltaí scoile ar sean eaglais a raibh mórán de thuamaí inti agus cosúlachtaí ridirí I gcathéide dealfa ar a mbarr. Bhí seanduine an-léannta agus an-dáiríre mar threoraí agus thug sé thart sinn ag canadh dataí agus céimeanna uaisleachta gan chríoch. Na ridirí seo a raibh a gcosa crosach ar a chéile acu chiallaigh sin gur ghlac siad páirt sna Crosáidí, d'inis sé dúinn. Bhí clébarra ar an armas seo agus chiallaigh sin neamhdhlisteanach ó thaobh breithe. An dealbh seo de naomh a raibh a haghaidh briste b'iad muintir Cromaill a d'ionsaigh agus a bhris í , mar gur thug siad fuath do 'iollacht' na gCaitliceach. Ba léir go raibh dúil mhór aige san eolas seo agus ina bheith á theagasc.

An amhlaidh a bhí ceisteanna ar bith ag na páiste le cur air? Ní raibh ceist ach ag gasúr amháin a d'fhiarfraig: " An bhfaigheann tú cnámha ar bith ina luí thart in am ar bith?"

Lá Eile. Blian amháin thugamar slua de na páisti ( lán trí chóiste díobh ) go Londain le chluiche peile idirnáisiúnta scoile a fheiceáil. Bhaineamar fúinn i dteach ósta agus ansin thugamar cuairt ar Thúr Londan. Chonaiceamar Seóda na Corónach…..Big Ben ina dhiaidh sin……..Athrú an Gharda ag Pálás Buckingham…..agus, sa deireadh, chuaidh sinn go Wembley le breathnú ar an chluiche.

Trí lá ar fad a chaitheamar san ardcathair go dtí go rabhamar cortha tuirseach de bheith ag breathnú ar rudaí. Le faoiseamh a fháil uaidh thugamar liathóid pheile do na buachaillí le ciceáil thart i bpáirc, agus caitheamar arán leis na colúir i gCearnóg Trafalgar.

Nuair a d'fhilleamar abhaile thugamar mar ábhar aiste dóibh an ceann narbh fhéidir gurbh é a mhalairt é: " What I liked most about London". Ní dhearnadh na seoda ríoga nó Wembley oiread is lua in aon cheann de na h -aistí . Bheadh sé comh maith ag na daltaí gan a bheith i bhfoiseacht céad míle den Phálas nó de thithe na Parlaiminte. Imirt pheile sa pháirc a bhí ag barr an liosta ag a bhformhór, cé go raibh cuid a chuir dúil i mbeathú na gcolúr. Mhaigh gasúr amháin gur éirigh leis ceann acu a cheapadh agus gur smugáil sé abhaile ar an mbus é.

Luaigh an uile dhuine an mharcaiocht sna trenacha faoi thalamh, nach bhfaca siad a leithéid ariamh roimhe. Ach sé an rud is mó a thug sásamh dom féin an méid de na buachaillí a thug an príomhlua don chuairt a thug siad i gcuideachta Mhic Uí Bhroclcháin ar Mhúsaem na Staire Nádurtha i Kensingtin.

( Tuilleadh le teacht )

Table of contents