Spring 2003                                                                                uimh 4

Tomás Ó Maonaigh BSc

1928 - 2003

Rugadh agus tógadh Tomás i mBaile Átha Cliath. Ba Jeaicín é agus é bródúil as. Tar éis an scoil a fhágáil dó chaith sé suas le cúig bliana ag obair i mBaile Átha Cliath.

I lár na gcaogadaí tháinig sé go Sasana agus chaith se cúpla bliain i mBirmingham sul ar tháinig sé go Londain. Bhí sé in a ábhar sagairt ar feadh tamaill bhig. Tar éis sin chaith sé deich mbliana san London County Council roimh dul isteach dó sa Státseirbhís. I 1981 d'éirigh sé go luath as achuid oibre mar gheall ar droch-shláinte.

Bhísuim mhór aige in oideachas agus léitheoireacht. Bhronn An Open University céim BSc air i 1987.Thaitin James Joyce go mór leis. Bhí Fraincis mhaith aige. Bhí sé níos fearr sa Ghaeilge ná mar a cheap sé. Bhí sé in a bhall de Chraobh Nollaig Uí Chonaill de Chonradh na Gaeilge agus d'fhreastail sé ar Oideas Gael cúpla uair agus ar deire seachtaine nó dhó le Coláiste na nGael i Sasana, agus san Ísiltír.

Bhí sé líofa in Esperanto. Ba mhór an pléisiúr a bhain sé as labhairt le daoine ón tSeapáin, An tSín, An Ind, An Ungáir, An Phólainn agus go leor tíortha nach iad. Ní raibh focal Béarla ag na daoine seo ach bhíodar in ann labhairt le chéile faoi ábhar ar bith ar a lánsásamh. An t-ábhar ba mhó suim aige ann ná fealsúnacht.

Bhí eolas cruinn aige ar na phríomh religiúin. Bhí se níos báúla leis an mBúdachas ná creideamh ar bith eile. Bhain sé an-taitneamh as bheith ag plé cúrsaí creidimh agus fealsúnachta agus bhíodh sé de nós aige bualadh leis an lucht díospóireachta ag Hyde Park Corner gach Domhnach. Bhi sé grinnsúileach ar aon laige i gcaint lucht na h-argóinte.

Bhí gean mór aige ar chapaill agus madraí agus bíodh pictiúir díobh ar fud an arasáin aige.

Bhí ceol aige chomh maith agus bhí sé in ann piano nó méarchlár a sheinm. Bhí bailiúchán mór aige de cheol clasaiceach agus a lán téipeanna agus dlúthdhioscanna de cheol Gaelach. Bhain sé pléisiúr faoi leith as ceol Thomas Moore agus ghuth Marie O' Reilly.

Ba fhear carthanach é, Tomás, a chabhraigh le roinnt cumann carthanachta go mór mór ceann a cabhraíonn le páistí san Aifric radharc a súl a choiméad nó a fheabhsú. Níl a fhios sin ag morán daoine mar lean sé an chomhairle - ná bíodh a fhios ag do láimh chlé cad a dhéanann do láimh dheas. (Matha 6.3)

Ba é an rud ba thábhachtaí faoi Thomás, i mo thuairimse, ná a chairdeas. Bhíomar mór le chéile breis is dhá scór bliain. Chaitheamar seal lenar gcara Pól Ó Cuinneagáin, as An Cheathru Rua, in árasán i Hornsey, Londain Thuaidh. Dhéanadh Tomás an chócaireacht agus dhéanadh Pól agus mé féin níochán na gréithre. Bhí bua na cócaireachta thar barr ag Tomás agus go deireadh a shaoil dhéanadh sé arán, subh, subh oráiste, cístí, uachtar reoite agus go leor eile nach iad. Ní bheidh a leithéid ann arís.

Ar dheis Dé go raibh sé.

Dónal O Céilleachair

<Table of contents>