November 2003                                                                                uimh 5

ÉMILE NELLIGAN (1879-1941) File Déagóra.

Barry Tobin.


Sa bhliain 1848 rugadh David Nelligan i mBaile Átha Cliath. Bhí an gorta mór in Éirinn ag an am. Bhí na daoine beo bocht. Nuair a bhí David ina bhuachaill scoile chuaigh sé lena mháthair ar an mbád bán . Sa deireadh shrois siad Montreal i gCeanada. Chuir siad fúthu sa chathair sin.

Bhí David go maith ar scoil. Nuair a d'fhás sé suas fuair sé post buan in Oifig a'Phoist. Sa bhliain 1875 phós sé Emilie Hudon. Bhí an Fhraincis ó dhúchas aici. Bhí an lánúin ina gcónai le tuismitheoirí David roinnt blianta. Sa bhliain 1879 rugadh an chéad leanbh, Emile. Cheannaigh David teach deas ansin. Sa bhliain 1881 rugadh cailín, Eva, agus sa bhliain 1883 rugadh an leanbh deireannach, Gertrude. Bhí saol maith acu. Bhí post mar chigire poist ag David. Bhí teach álainn acu. Gach bliain bhí laethanta saoire cois locha ag an gclann go léir. Bhí ceol ag an mháthair, agus chaith na leanaí oícheanta deasa ag éisteacht le Chopin, le Liszt, le Beethoven agus eile.

Bhí cúpla fadhbanna ann, áfach. Bhí David tugtha don obair agus ba annamh a bhí sé i mbun na leanaí. Nuair a bhí sé leo ní raibh cead ag éinne an Fhraincis a labhairt, cé go raibh an teanga sin ar a thoil aige. Tógadh Emile mar sin ag a mháthair don chuid is mó. Ba bhocht an scoláire scoile é agus ní raibh suim aige ach san bhFraincis agus Bhéarla. Bhí sé as láthair go minic. Ba maith leis siúl leis féin sna phairceanna. Ba bhreá leis dánta a léamh.

Chuir a athair ó scoil go scoil é, ach ba chuma gach scoil leis an lead óg neamhghnách. Nuair a bhí sé cúig bliana déag d'aois thosnaigh sé ag scríobh dánta próis. Nuair a bhí sé sé bliana déag thosnaigh sé ag scríobh dánta i gceart. Foilsíodh dánta ón a pheann in irisi na cathrach. Bhí a mháthair sásta go raibh sé ina fhile, ach bhí a athair ar buile leis. Nuair a bhí Emile seacht mbliana déag d'aois dúirt sé nach raibh sé ag dul ar scoil arís. Bhris sé lena athair go deo. Chaith sé an t-am ag scríobh agus ag caint faoi litríocht lena chairde. Bhí dánta aige sna hirisí go minic. Léigh sé a chuid dánta go poiblí. Ach bhí uaigneas agus brón diamhrach éigin air i gcónaí.

Sa deireadh, nuair a bhí sé naoi mbliana déag d'aois, i Lúnasa 1899, dúirt beirt dochtúir go raibh galar éigin na néaróg air. Tá barúil ag lucht leighis inniu go raibh scitsifréine air, ach ní raibh an focal sin acu sa bhliain 1899. Ar aon nós chuir a athair go dtí tigh na ngealt é. D'fhan sé ann go dtí go bhfuair sé bás i mí na Samhna 1941, nuair a bhí sé beagnach dhá bhliain is seasca d'aois.

Tar éis dó dul go dtí tigh na ngealt chuir cara a bhí ina shagart eagar ar na dánta. Sa bhliain 1904 tháinig leabhar le 107 dánta ann amach i gCeanada ar dtúis , agus níos déanaí san Fhrainc, sa Bheilg agus san Eilbhéis. Bhí a fhios ag an domhan Fraincise ansin go raibh file nua thar a bheith suimiúil acu a raibh na finnscéalta faoi á gceapadh agus á scaipeadh cheana féin.

Sa bhliain 1991, caoga bliain tar éis a bháis tháinig eagrán speisíalta, le beagnach 200 danta, amach i Ceanada. Sa bliain chéanna d'eisigh Oifig an Phoist i gCheanada stampa speisíalta ina onóir. Sa bliain 2001, ar an 15 Samhain, eagraíodh Aifreann agus ceiliúradh an fhile i gCaerdydd (Cardiff). I measc na ndaoine ann bhí an tUasal Jim Carroll, Priomhchonsal na hÉireann sa Bhreatain Bheag, Madame Claude Rapport, Consal Onórach na Fraince i gCaerdydd agus Monsieur Denis Turcotte, ionadaí ó oifig Ríaltas Quebec i Londain. Is féidir tuarascáil faoin ocáid idirnáisiúnta sin a léamh ar an idirlíon ag an ULR seo: www.geocities.com/ filsmacapsohn/emilnelligan. html

Duine de bhunadh na hÉireann atá aitheanta anois mar an file Fraincíse is mó a bhí i gCeanada riamh is ea Emile Nelligan. Is féidir a rá freisin, cé go n-aithnítear go raibh lochtanna na h-óige ar a scríobh sé, go bhfuil sé ar na filí déagóra is suimiúla a bhí riamh ann i dteanga ar bith. Tá tóir air ag daoine óga Quebec san lá atá inniu ann mar go n-aithníonn an t-aos óg mar laoch agus mar chomhghuailli acu féin é. Bhí idir bhrón agus mhearbhall ina chroi i gcónaí, agus ba thrua Dhia é nuair a chuir a athair go dtí tigh na ngealt é, rud a chuir deireadh go deo lena shaol mar fhile.

"Fann an file nuair a thiteann a pheann dá laimh".

<Table of contents>