Spring 2003                                                                                uimh 4

An t-Éireannach is iontaí ?

Fachtna O Drisceoil

Tá comórtas spéisiúl á reachtáil ag an 'Sunday Tribune' faoi láthair ag iarraidh ar léitheoirí an t-Éireannach is íontaí dóibh a roghnú. Tá go leor de na gnáthainmneacha á lua ag an 'Tribune', ach tá ionadh orm nach bhfuil Roger Casement ina measc.

Is dócha gur bhain níos mó daoine tairbhe as obair Casement ná Éireannach ar bith eile. Chabhraigh a chuid oibre ar son na gcearta daonna sa Chongó agus sa Bhrasaíl ach go h'airithe, leis na céadta milliúin duine. Tugtar níos mó urraim do Casement go fóill sa lá atá inniu ann i measc treibheanna dúchasacha áirithe ná mar a thugtar dó ina thír féin. Más é an critéar don Éireannach is iontaí an duine a rinne an maitheas is mó don chine daonna trí chéile, bheadh sé deacair Casement a shárú.

Ach is dócha go roghnófar an t-Éireannach is iontaí ar an mbunús gurbh é, nó í, an té a rinne an maitheas is mó don tír seo. Measaim féin gurbh iad an neamhspléachas polaitiúil, cogadh na talún agus fuascailt na gCaitliceach an trí bheart is tábhachtaí a cuireadh i gcrích in Éirinn. Maidir leis an neamhspléachas polaitiúil, cé go bhféadfaí an argóint a dhéanamh gurbh é íobairt fola an Phiarsaigh a spreag é, tá an chreidiúint don éacht sin roinnte idir an Piarsach agus daoine ar nós Mícheál O Coileaín agus Eamon De Valera. Dar ndóigh bhain De Valera go leor eile amach ina shaol, ach ní chreidim gur bhain sé amach éacht ar bith a raibh an oiread sin tionchur aige ar shaol mhuintir na hÉireann is a bhí ag Cogadh na Talún nó Fuascailt na gCaitliceach. Mar sin féin, ba aicme ar leith - na feirmeoirí láidre - a bhain tairbhe as Cogadh na Talún. Ní dhearna sé tada, mar shampla, do na sclábhaithe talún is boichte. Is iad Parnell agus Michael Davitt an beirt is mó atá luaite leis an éacht sin.

Mar sin, creidim féin gurbh é Dónall O Conaill an t-Éireannach is iontaí, as ucht Fuaiscailt na gCaitliceach a cur i gcrích - an chead oll-ghluaiseacht cearta daonna ar domhan. Ba rud é freisin a chuaigh chun leas fhormhór mhuintir na h-Éireann agus beart a leag an bhunchloch do go leor den dul chun cinn a lean é.
Dar ndóigh ní lia duine ná tuairim go háirithe i gceist mar seo. Má tá éinne ag iarraidh a mhalairt d'aragóint a chur chun cinn bheadh spéis agam é a chloisteáil.

Agus seo dhá cheist eile le bheith ag smaoineamh fúthu. Cé'n t-eachrannach is mó a rinne leas na h-Eireann? Agus cé hé, nó hí, an Gaeilgeoir is iontaí?

Foinse 10 Samhain 2002

<Table of contents>